Jump to content

Huda Ammori

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHuda Ammori

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ar) هدى باسل جاسر عموري Cuir in eagar ar Wikidata
Márta 1994
31 bliana d'aois
Bradford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Mhanchain Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla agus an Araibis
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Araibis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Duine muintearthaJasir Ammouri (seanathair)
Ibrahim Ammouri (en) Aistrigh (sin-seanathair)
Muhammad Jehad Ammouri (en) Aistrigh (seanuncail) Cuir in eagar ar Wikidata


Facebook: huda.ammori X: HudaAmmori Instagram: hudaammori Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaí Briotanach í Huda Basil J Ammori (rugadh an 17 Márta 1994) atá aitheanta as a bheith ina comhbhunaitheoir ar ghrúpa agóide, Palestine Action, a líomhnaíodh gur grúpa sceimhlitheoireachta a bhí ann. Thóg sí caingean dlí i gcoinne rialtas na Breataine maidir leis an toirmisc a chuir siad ar an eagraíocht a comhbhunaigh sí.

Rugadh Ammori i Bradford, Yorkshire Thiar d'athair Palaistíneach agus do mháthair Iarácach, máinlia agus dochtúir faoi seach, agus tógadh í i mBolton, Mórcheantar Mhanchain. [1]Díbríodh a teaghlach ar thaobh a hathar as a dteach le linn Naksa 1967, nuair a bhí a hathair ina leanbh. D'ionsaigh Fórsaí Cosanta Iosrael a theach, ag cur iallach air teitheadh chun na hIaráice. Lámhachadh seanathair a hathar ag saighdiúirí na Breataine tar éis éirí amach sa bhliaini 1936, agus scriosadh teach an teaghlaigh ina dhiaidh sin. [2] Scar a tuismitheoirí. Thug Huda fianaise níos déanaí do bhinse leighis faoi ionsaí a rinne a hathair tar éis di a pháirtí nua a mhaslú. [3] [4]

Oideachas agus luathobair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Ammori céim amach ó Ollscoil Mhanchain le céim i nGnó Idirnáisiúnta, Airgeadas agus Eacnamaíocht sa bhliain 2018. Siar in 2015, rinne Ammori obair dheonach i gcampa dídeanaithe i Lesbos. Agus í díomách faoi mhéid na géarchéime dídeanaithe, fuair sí amach faoi infheistíocht a hollscoile i dtrádáil agus i ndéantúsaíocht na n-arm d'Iosrael. Mar fhreagra air sin, bhunaigh sí craobh Ollscoil Mhanchain den Ghluaiseacht BDS idirnáisiúnta (Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí). Bhí an grúpa i gceannas ar roinnt feachtas bhaghcait rathúla . [5]

  1. Brown (11 January 2022). “After Years of Campaigning Against an Israeli Weapons Factory, It Was Direct Action That Shut It Down”. Novara Media. Dáta rochtana: 11 August 2024.
  2. Irfan. “The founders of Palestine Action on how to shut down a weapons factory” (en). www.prospectmagazine.co.uk. Dáta rochtana: 2025-09-26.
  3. TV surgeon ‘punched’ daughter after he left wife for a younger woman – Cavendish Press” (en-US). Dáta rochtana: 2025-09-27.
  4. Karim (2016-05-25). “Surgeon ‘hit’ daughter who called lover a whore” (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2025-09-27.
  5. Huda Ammori: Free Palestine”. The Zig Zag (7 February 2019). Dáta rochtana: 11 August 2024.