Hot Press
| Cineál | irisleabhar |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla |
| Am tosaigh | Meitheamh 1977 |
| Tréith | |
| Eagarthóir | Niall Stokes |
| Aitheantóirí | |
| ISSN | 0332-0847 |
| Suíomh | hotpress.com |
Is iris mhíosúil cheoil agus pholaitíochta í Hot Press atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhaigh Chromtha. Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol."[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Niall Stokes Hot Press i mí an Mheithimh 1977, fear atá ina eagarthóir air go dtí anois féin.[2][3] Ó shin i leith, tá scéalta ó shaol an cheoil, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon, le feiceáil san iris.[4]

Bhí an ceoltóir rac-ghormacha Éireannach Rory Gallagher le feiceáil sa chéad eagrán de Hot Press, go gairid roimh a theacht i láthair mar phríomh-cheoltóir ag an gcéad fhéile rac-cheoil amuigh faoin aer dá raibh in Éirinn, Féile Mountain Dew Mhaigh Chromtha, i 1977. Tá an iris ag clúdach gairmréim U2 ó dheireadh na 1970idí. Ba le Hot Press a chéad-labhair Sinéad O'Connor faoi bheith ina leispiach.[5]

Tá an iris tar éis a bheith sáite i roinnt conspóidí: mar shampla, bhí scríbhneoir de chuid Hot Press, Stuart Clark, ag cur agallamh ar bhall agus cumadóir amhrán Oasis Noel Gallagher nuair a fuair Gallagher amach nach mbeadh a dheartháir Liam ar an stáitse an oíche sin, agus dóbair don mbanna titim as a chéile.[foinse?]
Bhí Hot Press i lár díospóide dlíthiúil faoin gcóipcheart ar an dtéarma "De Dannan" [sic] in 2009 tar éis dó fógra a fhoilsiú a bhain leas as an dtéarma chun camchuairt nua ón ngrúpa cheol traidisiúnta a chur chun cinn.[6]
I Meán Fómhair 2009, bhí agallamh a chuir Olaf Tyaransen ar an bhfear grinn Tommy Tiernan ag an bPicnic Leictreach 2009 ina ábhar conspóide nuair a rinne Tiernan roinnt ráiteas a glacadh leo ina dhiaidh sin mar fhrith-Sheimíteachas. Rinneadh tuairiscí ar na ráitis sna meáin chumarsáide Éireannacha agus idirnáisiúnta;[7][8] chosain Tyaransen agus eagarthóir Hot Press Niall Stokes chomh maith le Tiernan féin iad áfach, á rá gur tógadh amach as a gcomhthéacs iad.[9]
Sa bhliain 2020, mar fhreagairt ar an dianghlasáil a tharla in Éirinn de dheasca phaindéim COVID-19, reáchtáil Hot Press sraith seisiún ceoil ar líne ar thugadar na Lockdown Sessions orthu, ina raibh ealaíontóirí ar nós Celaviedmai, Doppler, agus Tebi Rex páirteach.[10][11]
Scríbhneoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na ndaoine a scríobh ar son Hot Press roimhe seo bhí an naoú Uachtarán ar Éirinn Michael D. Higgins,[12] údair Father Ted Graham Linehan agus Arthur Mathews, léirmheastóir teilifíse an Sunday Times Liam Fay, an t-údar agus colúnaí de chuid an Daily Telegraph Neil McCormick, Bill Graham, comhfhreagraí SAM an Sunday Business Post Niall Stanage, comhfhreagraí sacair an Irish Examiner Liam Mackey, an t-údar Damian Corless, iar-cholúnaí an Irish Times John Waters agus an léirmheastóir scannán Tara Brady, an scríbhneoir bia John McKenna, colúnaí an Sunday Independent Declan Lynch agus scríbhneoir peile The Guardian agus aoi rialta de chuid Football Weekly Barry Glendenning, scríbhneoir de chuid an Daily Mail Jason O'Toole, agus Olaf Tyaransen.[foinse?]
I measc na scríbhneoirí reatha[cathain?] tá Peter Murphy,[13] Jackie Hayden,[14] agus Pat Carty.[15]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dearcadh an-liobrálach ag Hot Press de ghnáth, in aghaidh na bunaíochta go minic.[16][theip ar fhíorú]
Le linn olltoghchán 2007, thacaigh sé le go leor páirtithe beaga den eite chlé ar nós an Pháirtí Glas agus Pháirtí an Lucht Oibre.[foinse?] Bhí sé cáinteach ar rialtas Fhianna Fáil ag an am, i bhfabhar athchóirithe an tSeanaid, agus bhí sé i gcoinne chinneadh Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann i mí Mheithimh 2007 an cluiche físeáin Manhunt 2 a thoirmeasc.[17] B'shin an chéad uair a dhiúltaigh OASÉ deimhniú a thabhairt do chluiche físeáin.[18]
Tá raidhse polaiteoirí curtha faoi agallamh ag an iris, ina measc Gerry Adams ó Shinn Féin, Ian Óg Paisley CTR de chuid an DUP, ceannaire an Chomhaontais Ghlais John Gormley, agus an tAire Airgeadais, Brian Cowen.[19]
In agallamh le Jason O'Toole i mBealtaine 2007, d’admhaigh an t-iar-Aire Sláinte Cowen go raibh an chnáib caite aige.[19] Spreag an admháil seo go leor cáineadh ó pháirtithe an fhreasúra sa Dáil. Rinne na hAirí Willie O'Dea agus Brian Óg Lenihan a bheag den chonspóid, iad ag séanadh go raibh Cowen ag tabhairt drochshampla.[20] Rinneadh Taoiseach de Cowen ina dhiaidh sin tar éis gur éirí Bertie Ahern as oifig.
I mí Mheithimh 2007, tharraing CTR de chuid an DUP Ian Óg Paisley raic mhór trí ghéarcháineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha a shamhlaítear le homaighnéasacht. Ba é seo an bhliain sular nocht Iris Robinson, bean chéile an Chéad-Aire Peter Robinson, a tuairimí siúd faoin gceist.
Hotpress.com
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Hotpress.com suíomh gréasáin na hirise, a chuireann ailt saor in aisce ar fáil do léitheoirí. Seoladh é sa bhliain 2002, agus gealladh ag an am go mbeadh cartlann saor in aisce ann le hábhar 25 bliain d'aois.[21]
Bliainiris Hot Press
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsítear an Hot Press Yearbook gach bliain.[2]
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roinnt leabhar foilsithe ag Hot Press:
- A Man in a Woman's World le Jackie Hayden, bainisteoir ginearálta Hot Press (comhfhoilsithe i mí na Samhna 2007 le Killynon House Books.)
- Diary of a Man, le Dermod Moore, 2005. Cnuasach aistí le colúnaí na hirise ar a dtugtar freisin Bootboy.
- The Palace of Wisdom (Sex Lines & The Story of O), le Olaf Tyaransen (2004, 2002, 2000) (tá clúdaigh ar gach leabhar le Olaf Tyaransen ina bhfuil pictiúir leis an ealaíontóir Éireannach Graham Knuttel)
- McCann: War & Peace in Northern Ireland, le hEamonn McCann, 1998.
- My Boy, le Philomena Lynott le Jackie Hayden, 1996 Achoimre: Scéal Phil Lynott de réir a mháthair. Is é a scéal féin é freisin, ó na laethanta mar mháthair shingil ag tógáil linbh óg ghoirm i Manchain agus i mBaile Átha Cliath, trí rath mór Thin Lizzy, go dtí an tsraith tragóideach imeachtaí a chuir deireadh le saol a mic agus a chuir i ndúlagar ise.
- Why Can't We? – The Story of The Cranberries and the Band's Iconic Frontwoman Dolores O'Riordan, le Niall Stokes agus Stuart Clark, 2021. Ar fáil i ndá fhormáid, lena n-áirítear Eagrán Teoranta Platanam De Luxe atá sínithe ag baill an bhanna atá fós ar marthain agus ag máthair Dolores O'Riordan, a fuair bás in 2018.[22]
- Power To The People: The Hot Press Years le Michael D. Higgins, le réamhrá le Niall Stokes, 2024. Ar fáil i ndá fhormáid agus sínithe ag an údar.[23][24]
- Ina theannta sin, is bailiúchán de phíosaí dá chuid ó Hot Press é Crime Ink, le Jason O'Toole, 2009, arna fhoilsiú ag Merlin Publishing, a shroich na deich is fearr de Chairt na nDíoltóirí is Fearr in Éirinn.[25]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: hotpress.com
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (7 Feabhra 2026). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-02-07.
- 1 2 "Rockers out in force for Hot Press launch" (as Béarla). Evening Herald. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Feabhra 2013.
- ↑ R. Douglas Geivett (20 Meán Fómhair 2009). "Faith, Film and Philosophy: Big Ideas on the Big Screen" (in Béarla): 301–. InterVarsity Press. ISBN 978-0-8308-7518-4.
- ↑ Max Wallace (20 Márta 2014). "Love & Death: The Murder of Kurt Cobain" (in Béarla): 41–. Allison & Busby. ISBN 978-0-7490-1610-4.
- ↑ "Sinead comes out of the Hot Press" (as Béarla). Irish Independent (10 Meitheamh 2000).
- ↑ "Oxegen Trad legends jig about with a legendary name" (as Béarla). Sunday Independent (26 Iúil 2009). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 31 Iúil 2009.
- ↑ Sweeney (20 Meán Fómhair 2009). “Six million? I would have got 10 or 12 million out of that. No f**kng problem! F**k them. Two at a time, they would have gone. Hold hands, get in there! Leave us your teeth and your glasses” (as Béarla). Sunday Tribune. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Meán Fómhair 2009. Dáta rochtana: 25 Meán Fómhair 2009.
- ↑ Blondy (24 Meán Fómhair 2009). “Irish comic: 'Six million? I would have got 10 or 12 million out of that'” (as Béarla). The Jerusalem Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Meán Fómhair 2011. Dáta rochtana: 26 Meán Fómhair 2009.
- ↑ Tyaransen (25 Meán Fómhair 2009). “How could reporter take my interview with Tommy out of context?” (as Béarla). Evening Herald. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Deireadh Fómhair 2009. Dáta rochtana: 26 Meán Fómhair 2009.
- ↑ "Announcing: The Hot Press Lockdown Sessions" (as Béarla). Hotpress (18 Márta 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Iúil 2020. Dáta rochtana: 26 Iúil 2020.
- ↑ O'Toole (22 June 2020). “Live Report: Celaviedmai on The Hot Press Lockdown Sessions' Y&E Series” (as Béarla). Hotpress. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Iúil 2020. Dáta rochtana: 26 Iúil 2020.
- ↑ Cullen, Paul; Siggins, Lorna (11 Samhain 2011). "A thinker unafraid to speak his mind" (as Béarla). The Irish Times.
- ↑ "Tóibín shortlisted for UK book award" (as Béarla). The Irish Times (24 Samhain 2009).
- ↑ John Meagher (8 Feabhra 2008). "Loaded: Festival films for music fans" (as Béarla). Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Lúnasa 2012.
- ↑ Carty, Pat. "Live Report: Saving Grace featuring Robert Plant and The 4 Of Us at The Helix, Dublin" (as Béarla). Hotpress.
- ↑ "Hot Press controversies" (as en) (2025-12-20). Wikipedia.
- ↑ “MANHUNT 2 VIDEO GAME PROHIBITED” (as Béarla). OASÉ (18 Meitheamh 2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Samhain 2007. Dáta rochtana: 19 Meitheamh 2007.
- ↑ "Nuacht RTÉ" (as Béarla). Nuacht RTÉ.
- 1 2 "Biffo takes his place in pantheon of the gaffers" (as Béarla). The Irish Times (24 Bealtaine 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 November 2010.
- ↑ "Election 2007: Fianna Fáil's crime strategy" (as Béarla). Nuacht RTÉ (17 Bealtaine 2007).
- ↑ "SOUNDBITE" (as Béarla). Irish Independent (8 Feabhra 2002). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Lúnasa 2012. Dáta rochtana: 4 Feabhra 2026.
- ↑ "First book on Dolores O'Riordan and The Cranberries now available for pre-sale"" (as Béarla). Irish Central (8 Lúnasa 2021).
- ↑ "Power to the People: The Hot Press Years by Michael D Higgins. Minority reports from Ireland of the 1980s and 1990s" (as Béarla). The Irish Times (6 Eanáir 2025).
- ↑ “Michael D. Higgins' Power To The People: The Hot Press Years available out now!"” (as Béarla). Hotpress (25 Meán Fómhair 2024).
- ↑ "Wronged criminal' had regrets but little remorse" (as Béarla). Irish Independent (20 Meitheamh 2009). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 June 2009.
- Ailt le ham doiléir nó débhríoch
- Vague or ambiguous time
- Gach airteagail a theip ar fhíorú
- Airteagail nár éirigh leo an fíorú a fháil from Feabhra 2026
- Irisí ceoil
- Irisí Éireannacha
- Irisí nuachta
- Irisí
- Tréimhseacháin Bhéarla
- Tréimhseacháin Éireannacha
- Soláthraithe Éireannacha nuachta
- Míosacháin
- Bliantáin
- Ceol i 1977
- Ceol na hÉireann
- 1970idí in Éirinn
- Bunaithe sa bhliain 1977
- Bunaithe sna 1970í