Hormón tíoróideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cnuasainm ar na haimínhormóin le hiaidín mar chomhábhar a tháltar ón bhfaireog thíoróideach i veirteabraigh. I ndaoine is ainmhithe eile, is iad tíorocsaín (T4) is trí-iodaitiorainín (T3) na príomh-hormóin tíoróideacha, agus ról lárnach acu i bhforbairt an fhéatais is rialú na meitibileachta i rith saol an duine. Is é an hormón tíoróidspreagthach, a dtugtar tíoratróifin air freisin, a rialaíonn sintéis is tál na hormón seo, agus táirgtear é sin i maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh. I dtorbáin dhébheathacha, is gá an hormón tíoróideach don mheiteamorfóis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hormón tíoróideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 354.