Hoplostethus atlanticus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHoplostethus atlanticus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdBeryciformes
FineTrachichthyidae
GéineasHoplostethus
SpeiceasHoplostethus atlanticus Cuir in eagar ar Wikidata
Collett, 1889

Iasc domhainfharraige sách mór a bhaineann leis an fhine Trachichthyidae is ea an gainneachán flannbhuí[1] (Hoplostethus atlanticus ). Tá Cumann Caomhnaithe Mara na Ríochta Aontaithe tar éis an gainneachán flannbhuí a chatagóiriú mar “leochaileach do shaothrú”. Faightear é in uiscí 3 go 9 °C, (bataipeiligeach, 180 - go -1,800 - méadar in uiscí an Aigéin Chiúin Thiar,, san Aigéan Atlantach thoir (ón Íoslainn go Maracó, agus ó Bhá Walvis, an Namaib, go Durban, an Afraic Theas), an tAigéan Indiach (amach ón Nua-Shéalainn agus an Astráil), agus san Aigéan Ciúin thoir amach ón tSile. Is díol suntais é an gainneachán flannbhuí mar gheall ar a shaolré urghnách, a bhfuil níos mó ná 200 bliain slánaithe aige. Tá sé tábhachtach d'iascaigh tráil domhainuisce. Dath geal donnrua is ea an t-iasc, agus é ag dul go dath cróchbhuí tar éis bháis.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iasc sna hOileáin Fharó
An gainneachán flannbhuí (Hoplostethus atlanticus )
Stampa na Scigirí, eisithe: 7 Feabhra 1994
An tEalaíontóir: Astrid Andreasen

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Hoplostethus atlanticus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.