Honey Hunger
| Cineál | leagan, eagrán, nó aistriúchán |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Zahran Alqasmi (en) |
| Teanga | an Araibis |
| Foilseachán | 2025 2017 |
| Tréith | |
| Seánra | ficsean |
| Líon na leathanach | 292 |
| Eile | |
| Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta | 978-1-64903-390-1 |
Is úrscéal de chuid Zahran Alqasmi (زهراب القسمي) é Honey Hunger (Araibis: العسل جوع) foilsithe sa bhliain 2017 in Araibis agus in aistriúchán Béarla le Marilyn Booth sa bhliain 2025.
An Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beachaire de chuid na hÓman é an príomhcharachtar. Sa chéad chuid den leabhar déantar cur síos ar a ghairm mar bheachaire in áiteanna áirithe i bhfásaigh Óman agus a chroí istigh i gcúram agus cothú na beiche. Tá cur síos cruinn ar iliomad gnéithe den ghairm sin. Níos fuide anonn sa leabhar téann seiseann agus beirt dlúchairde leis ar thóir mealla na beiche fiánna sna sléibhte. Is triúr pearsantachtaí difriúil atá iontu agus tríd a scéalta siúd insítear dúinn scéal an tsráidbhaile beag agus a mhuintir gurb as dóibh. In ainm an scéil tagraíonn siad do ocras mealla agus dealraíonn sé gur ocras don ghrá, don iontaobhas as a chéile agus bfhéidir do fhaoiseamh ó bhuaireamh an tsaoil atá idir lámha aige. Tá an scéal beag beann ar an bpolaitíocht, an gcreideamh agus ní léir cathain atá sé lonnaithe.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |