Jump to content

Hiopocsa cheirbreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarHiopocsa cheirbreach
Cineálhiopocsa Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisintensive care medicine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúisbrain ischemia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-9437.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MedlinePlus001435 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD002534 Cuir in eagar ar Wikidata
Na hartairí san inchinn

Tarlaíonn hiopocsacht cheirbreachhiopocsa cheirbreach[1] nuair a bhíonn ocsaigin laghdaithe agus sreabhadh fola laghdaithe chuig an inchinn.

Sa réimse nuabheirthe is é is cúis le einceifealapaite iscéimeach hiopocsach (EIH)[2] ná easpa ocsaigne in inchinn naíonán díreach sula dtagann siad ar an saol nó go fíorghairid ina dhiaidh sin.

Is é HIE an chúis is tábhachtaí le míchumas fadtéarmach i naíonáin lánaibí gnáthfhoirmithe, atá i mbaol mór pairilis cheirbreach (PC). Is fachtóir riosca suntasach é HIE maidir le diagnóis ina dhiaidh sin go bhfuil PC ar leanbh, agus is cásanna iad seo a chuimsíonn formhór na n-éileamh maidir le gortú tubaisteach cliniciúil.

Nuair a bhíonn sonraí ar fáil i dtíortha ardioncaim, tuairiscítear rátaí leitheadúlachta idir 1.2 agus 2/1,000 beobhreith de ghnáth. Thug staidéar mórscála in 2016, ag baint úsáide as sonraí ó 26 clár daonra ar fud na hEorpa, le fios go raibh laghdú foriomlán ar leitheadúlacht PC san Eoraip ó 1.90 go 1.77 in aghaidh an 1,000 breithe beo sa tréimhse 1980 go 2003.[3]

D’fhéadfadh go dtarlódh HIE mar thoradh ar ghéartheagmhas hiopocsach, rud ar a dtugtar teagmhas táscach, le linn tinneas clainne ach is coitianta é nuair nach ann do ghéartheagmhas.

Féadfar HIE a mheas mar fhochineál Einceifealapaite Nuabheirthe (NE). Ní thuigimid go hiomlán fós cúiseanna HIE agus PC. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag fachtóirí géiniteacha, eipigineacha, meitibileach, réamhbhreithe, imbhreithe agus iarbhreithe ar ghortú inchinne nuabheirthe a chosaint, a chur faoi deara nó áibhéil a dhéanamh.

I measc na mórfhachtóirí riosca réamhbhreithe do HIE, tá mínormáltachtaí struchtúracha mar aimhrialtachtaí inchinne agus croí, srianadh fáis, mínormáltachtaí placental, ionfhabhtú, agus cúiseanna géiniteacha. Tá mínormáltachtaí placainte an-choitianta i gcásanna HIE, ach ní féidir scrúdú a dhéanamh ar an bplacaint ach amháin tar éis saolaithe.[4]

Bearta coisctheacha EIH

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fearr cosc ná leigheas cinnte. Chun HIE a chosc is féidir foghlaim ó iniúchadh cásanna san am a caitheadh agus an fhaisnéis seo a úsáid chun an fhéatas atá i mbaol a aithint trí anailís a dhéanamh ar fhachtóirí riosca réamhbhreithe agus iad a ionchorprú sa réasúnaíocht cúraim le linn tinneas clainne agus saolaithe.

Cairdeatagrafaíocht monatóireacht ar ráta croí féatais

Tinneas tromchúiseach atá ann a mbaineann dochar inchinne do naíonáin agus ní mór a gcloigne a fhuarú gan mhoill lena mhaolú.

Nuair a bheirtear leanbh a bhfuil HIE air, tá athbheochan agus measúnúcnuabheirthe cuí riachtanach chun an toradh is fearr a bhaint amach. Déanann diagnóis luath agus idirghabháil luath difríocht shuntasach sna torthaí do leanaí a bhfuil pairilis cheirbreach orthu.

Tá sé cruthaithe go bhfuil cóireálacha nua (sna 2020idí), lena n-áirítear hipiteirme theiripeach (TH),[5] éifeachtach chun bás agus déine HIE a laghdú. In ainneoin éifeachtúlacht cruthaithe TH, beidh suas le 40% de na naíonáin a bhfuil tionchar orthu bás nó ag fulaingt ó lagú néar-fhorbairt fadtéarmach.[6]

EIH in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

1.1/1,000, sin é an ráta HIE in Éirinn, agus is cosúil go bhfuil an ráta sin cobhsaí rud a thugfadh le fios go bhfuil fachtóirí seasta ann maidir le cúisíocht (Tuarascáil NNEAG 2021).[4]

In ainneoin go n-úsáidtear monatóireacht ar ráta croí féatais le linn breithe chun HIE a thuar, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an ráta HIE seasmhach in Éirinn. Ach bhí ardú mór ar rátaí gearrtha caesaraigh sna 2010idí in Éirinn (is trí ghearradh caesarach a thugann beagnach 40% de mhná na hÉireann leanbh ar an saol sna 2020idí).

Déantar céatadán suntasach de na caesaraigh a dhéantar i máithreacha céaduaire mar gheall ar imní maidir le hiopocsacht féatais le linn na breithe. Faoi láthair, ní chuireann úsáid CTG bac ar HIE in Éirinn nó in aon dlínse eile.[4]

Ospidéal Ollscoile Phortiuncula

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an céatadán naíonán nuabheirthe ar bhain EIH) dóibh in Ospidéal Portiuncula i gCo na Gaillimhe sa bhliain 2024 i bhfad níos airde ná mar a bheadh súil leis. Rugadh thart ar 1,300 leanbh in Ospidéal Portiuncula in 2024 agus dúirt go mbeadh súil le cás amháin nó dhá chás de EIH ina measc. Ach bhain EIH do sheisear naíonán in Ospidéal Portiuncula in 2024 (agus cás amháin ann in 2023).[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla,  cerebral hypoxia
  2. i mBéarla, hypoxic ischaemic encephalopathy
  3. Elodie Sellier, Mary Jane Platt, Guro L. Andersen, Ingeborg Krägeloh-Mann, Javier De La Cruz, Christine Cans, Surveillance of Cerebral Palsy Network (2016-01). "Decreasing prevalence in cerebral palsy: a multi-site European population-based study, 1980 to 2003". Developmental Medicine and Child Neurology 58 (1): 85–92. doi:10.1111/dmcn.12865. ISSN 1469-8749. PMID 26330098. 
  4. 4.0 4.1 4.2 .gov.ie (2024). "Grúpa Oibre Idir-Rannach ar an méadú atá ag teacht ar an gCostas a bhaineann le hÉilimh maidir le Sláinte 2024". Dáta rochtana: 2025.
  5. Zuluaga RC, Serrano TC (2017). "Neonatal Hypoxic-Ischemic Encephalopathy and Hypothermia Therapy: Solving Questions about Monitoring and Prognosis". Neonatal and Pediatric Medicine 03 (01). doi:10.4172/2572-4983.1000125. ISSN 2572-4983. 
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2025-01-28). "Athbhreithniú ar sheirbhísí máithreachais in Ospidéal Portiuncula" (as ga).