Hiodrocsaíd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

An t-ian OH-, nó aon chomhdhúil ina bhfuil sé. Níl ach hiodrocsaídí na miotail alcaile, i measc na hiodrocsaídí miotalacha uile, intuaslagtha in uisce. Tá tuaslagthacht hiodrocsaídí cailciam, strointiam is bairiam in uisce i bhfad níos lú ná tuaslagthacht na hiodrocsaídí miotalacha alcaile. Is bunanna láidre iad a tháirgeann tuaslagán le luach ard pH.