HiiKER
| Cineál | aip shoghluaiste |
|---|---|
| Saintréithe teicniúla | |
| Ardán | iOS agus Android |
| Tuilleadh eolais | |
| Láithreán Gréasáin | hiiker.app (Béarla) |
|
| |
Is éard atá i gceist le HiiKER ná aip ar a bhfuil fáil ar réimse leathan léarscáileanna i bhfoirm dhigiteach. Tá bunleagan na léarscáileanna, atá bunaithe ar Open Street Map (OSM), ar fáil saor in aisce do dhuine ar bith a íoslódálfaidh an aip.

Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá léarscáileanna náisiúnta ‘Sraith an Eolais’ de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (OSi nó Tailte Éireann mar a thugtar anois air) agus na léarscáileanna fánaíochta de chuid EastWest Mapping ar fáil do dhaoine a íocann síntiús leis an aip.[1]
Tá fáil freisin ar an aip ar léarscáileanna stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a rinneadh sa 19ú hAois.
Ní in Éirinn amháin atá seirbhísí Hiiker ar fáil. Tá lucht siúl sléibhte in 23 tír ar fud na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh, agus sa leathsféar theas in ann an aip a úsáid i nGaeilge agus iad ag fánaíocht leo sa Ghearmáin, sa Tasmáin, i gCeanada, sa tSlóivéin, i gCríocha Lochlann agus tíortha eile nach iad.[1]
Gaeltacht Dhún na nGall
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá léarscáileanna nde Ghaeltacht Dhún na nGall a rinne EastWest Mapping ar fáil ar an aip.[2] Chruthaigh an léarscáilí Barry Dalby dhá léarscáil de cheantair Ghaeltachta an iarthuaiscirt – an ceantar timpeall ar Ghleann Bheatha i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus an sliabhraon Na Cruacha Gorma sa Ghaeltacht Láir.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is comhlacht beag Éireannach é Hiiker a bhunaigh Finlay nuair a thug sé féin faoi deara in 2019 nach raibh léarscáileanna sásúla digiteacha ar fáil do na slite slímharcáilte a raibh an-dúil aige iontu.
Fuair Finlay maoiniú trí scéimeanna éagsúla de chuid Enterprise Ireland agus an NDRC agus de réir a chéile thacaigh infheisteoirí eile leis an gcomhlacht, atá lonnaithe i nDroim Rí i gContae na Mí.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "‘Ceist ómóis agus bróid a bhí ann’ – aip léarscáileanna curtha ar fáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-21). Dáta rochtana: 2025-04-23.
- ↑ Tá na léarscáileanna nua ar fáil dóibh siúd a bhfuil síntiús acu le Hiiker agus ní bheidh teacht ag daoine a úsáideann an leagan saor in aisce den aip orthu.