Highland River
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Neil M. Gunn |
| Teanga | Béarla |
| Foilseachán | Albain, 1937 |
| Foilsitheoir | Bothar nan Cananach |
| Tréith | |
| Seánra | ficsean |
| Cuid den tsraith | |
| Eile | |
| Uimhir OCLC | 152375937 |
Is úrscéal de chuid Neil M. Gunn é Highland River, foilsithe i dtús sa bhliain 1937, faoi bhuachaill ag fás aníos in aice leis an abhainn Dún Bheithe i dtuaisceart Albain agus a tharla dó i rith an chéad cogadh domhanda agus é ag filleadh ar an áit dúchais, ag iarraidh suaimhneas, amach sa saol.
An Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insítear an scéal dúinn in eachtraí ó thréimheanna áirithe dá shaol measctha suas in aon insint amháin. Tosnaíonn sé le Kenn, an príomhcharactar, ag breith ar breadán agus é an óg. Tá saol agus beatha na breadáin atlantaigh fiáin mar chuid príomha de shaol Kenn agus é ag fás aníos agus tagairtí fite fuaite don Bhreadán Feasa. Insítear dúinn faoi shaol na clainne agus an phobail beag agus a nósanna ar imeall an fharraige. Faigheann Kenn greadadh ó mhúinteoir brúidiúl, a fhágann lorg air. Sna sliochtanna faoin gcogadh léirítear dúinn an gruaim agus cloiseann muid faoi bhás a dhearthara ionúin. Oiltear é mar innealtóir le scoláireacht, agus éiríonn cáirdeas idir é féin agus eolaí níos sine ón Pholainn, Radzyn, a bhfuil cúlra agus fealsúnacht difriúil aige.
Téama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí tionchar mór ag Jung ar Gunn agus ghlac sé le comhfhios duine mar chuid de chomhfhios phobal a d'eascar as pobal cianda ag obair as lámha a chéile ar feadh na mílte bliana. Bhi an breadán agus a aistear ón fharraige ar ais go dtí áit a bheirthe san abhann mar shiombal de shaol Kenn agus é ag file ar a áit agus a abhann dúchais chun casadh a bhaint as rotha mór an tsaoil.
Do chreid Gunn in 'ré órga' san aimsir a chuaigh thart nach raibh le sárú. Náisiúnach agus sóisialach ab ea é.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |