Herbert Simms
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 30 Samhain 1898 Londain, England |
| Bás | 28 Meán Fómhair 1948 49 bliana d'aois Dún Laoghaire, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ailtire |
Ailtire tithíochta cathrach ba ea Herbert George Simms. Rinne sé éacht i mBaile Átha Cliath idir an bhliain 1932 agus 1948 ó thaobh na tógála sa gcathair. Bhí dearadh agus tógáil 17,000 áit chónaithe, idir bhlocanna árasán agus tithe astu féin, faoina chúram. Luaitear na hárasáin go háirithe mar eiseamláir den dearadh nua-aimseartha agus den áilleacht a bhain leis an dearadh céanna sin.[1][2]
Tá na samplaí a luaitear leis go minic, le feiceáil fós agus daoine ina gcónaí iontu, i dTeach na Cuntaoise Markievicz, Teach Oliver Bond agus Teach na Seansaireachta,[3] gar do na Ceithre Chúirteanna. Rinne sé a dhícheall chun daoine a tharraingt as an mbochtanas uafásach a bhí i réim sa bpríomhchathair luath san aois seo caite, ach a ndearnadh dearmad oifigiúil air go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.[4]






Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sasanach ab ea Herbert Simms. Rugadh agus tógadh i Learpholl é. Throid sé le fórsaí armtha na Breataine sa gCéad Chogadh Domhanda, agus uaidh sin fuair sé scoláireacht chun freastal ar an ollscoil i Learpholl. Cé go raibh clann mhór acu ann, agus iad de bhunadh an lucht oibre, d’éirigh leis cáilíocht a bhaint amach san ailtireacht.[2]
I rith na mblianta 1923 go 1931, níor tógadh ach 525 teach nua in aghaidh na bliana i mBaile Átha Cliath. Bhí an Bardas imithe as feidhm ach athbhunaíodh é agus in 1932, nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht, cruthaíodh an post ‘ailtire tithíochta’. Bhíodar ag iarraidh dlús a chur le tógáil áiteanna cónaithe do na mílte a bhí sáite sa mbochtanas agus sna slumaí. Bhí sé de cháil ar Bhaile Átha Cliath gur ann a bhí na slumaí ba mheasa san Eoraip ag an am.
Shocraigh Simms i mBaile Átha Cliath i mbun a ghairme.
Ailtireacht
I rith na 16 bliana a raibh Herbert Simms i mbun a chuid oibre mar ailtire thithíochta (ó 1932 go dtí 1948) sa chathair, críochnaíodh 17,000 áit nua chónaithe. Bhí sé tar éis na scéimeanna tithíochta a dhear Michel de Klerk san Ísiltír a fheiceáil agus é ar chamchuairt staidéir timpeall na hEorpa agus Shasana agus bhain sé leas as an gcuid ab fhearr den dearadh, ina thuairim féin.[5]
Bhí tuairimí agus smaointe ag Herbert Simms a bhfuil feidhm fós acu sa lá inniu. Cé gurbh eisean a dhear na scéimeanna tithíochta do cheantair ar nós na Cabraí agus Cromghlinne, bhí amhras air, fiú amháin an t-am sin, faoi scaipeadh forleathan na tithíochta cathrach. B’fhearr leis féin go mbeadh daoine ina gcónaí i mblocanna árasán i lár na cathrach (rud a tharla thar lear ag an am sin). Ar an gcaoi sin, mheas sé go mbeifí in ann tithíocht a chur ar fáil do líon i bhfad ní ba mhó daoine.[2]
Ar ndóigh sin é an chaoi a ndéileáiltear le daonra mór i dtíortha na hEorpa – feictear blocanna árasán i ngach cathair mhór.
Sna 1940idí bhí plean ag an Rialtas 30,000 teach nó áit chónaithe a chur ar fáil taobh istigh de dheich mbliana. Bheadh 5,000 árasán ina measc siúd. B’fhearr le Simms nach mbeidís ag tógáil an oiread sin tithe aonair. Bhí sé freisin i gcoinne plean a bhí ann le 1,000 áit chónaithe ‘réamhdhéanta,’ a chur ar fáil. Bhí sé go láidir den tuairim gur cheart go seasfadh tithíocht i bhfad.
Féinmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith na 1940idí, d’oibrigh Herbert Simms ó dhubh go dubh agus gan aige ach foireann réasúnta beag leis an obair mhór seo a chur i gcrích. Cúig bliana déag sular bhásaigh sé, deirtear go raibh ‘briseadh síos néaróg’ aige ach choinnigh sé air ag obair.[2]
Nuair a d’éirigh an t-ailtire cathrach as a phost, b’éigean do Herbert Simms (an t-ailtire tithíochta) an obair sin a dhéanamh chomh maith lena chuid oibre féin. Ba léir gur chlis arís ar a mheabhairshláinte. Chuir sé lámh ina bhás féin ar an líne traenach i nDún Laoghaire. Ní raibh sé ach 49 bliain d’aois. Tá sé curtha i Reilig Ghráinseach an Déin.[4][2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ crumlinwalkinstownhistory.ie. "Herbert Simms". Dáta rochtana: 2025.
- 1 2 3 4 5 Mairéad Ní Nuadháin (16 Eanáir 2026). "Tá ceachtanna le foghlaim fós ó Herbert Simms, ailtire tithíochta as an ngnáth" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-17.
- ↑ Cé nach bhfuil ach 27 áit chónaithe sa gceann is deireanaí sin, Chancery House, luaitear é mar ‘sárphíosa oibre’ agus eiseamláir den dearadh is fearr i ‘dtithíocht shóisialta ilstóir’.
- 1 2 Eoin Ó Broin & Mal McCann. "Flats and Cottages: Herbert Simms and the Housing of Dublin’s Working Class, 1932–1948" (en-GB). Irish Academic Press. Dáta rochtana: 2026-01-17.
- ↑ Ní raibh gach rud a bhain leis an obair sin éasca. Tuairiscíodh gur labhair sagart Íosánach amháin amach i gcoinne na staighrí ‘comónta’ idir na hárasáin toisc go raibh ‘contúirt mhorálta’ ag baint lena leithéid. Bhí an dearadh seo ‘faoi thionchar fhealsúnacht an chumannachais,’ dar leis an sagart.