Henry Sidney, 1ú Iarla Romney
| Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Henry Sidney of Romney |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 8 Aibreán 1641 Páras, An Fhrainc |
| Bás | 8 Aibreán 1704 63 bliana d'aois Londain, England |
| Gobharnóir na Cinq-Ports | |
| 1691 – 1702 | |
| Ard-Leifteanant Kent | |
| 3 Deireadh Fómhair 1689 – 8 Aibreán 1704 | |
| Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
| 11 Eanáir 1689 – 9 Márta 1689 Toghcheantar: Tamworth | |
| Ambasadóir | |
| Feisire de Pharlaimint 1679 | |
| Toghcheantar: Bramber | |
| Feisire de Pharlaimint 1680 -81 | |
| Toghcheantar: Bramber | |
| Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | taidhleoir, polaiteoir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Fhraincis |
| Gairm mhíleata | |
| Céim mhíleata | oifigeach coitianta |
| Eile | |
| Teideal uasal | Earl of Romney (en) |
| Athair | Robert Sidney agus Dorothy Sidney, Countess of Leicester (en) |
| Siblín | Dorothy Spencer, Algernon Sidney, Philip Sidney, 3rd Earl of Leicester (en) |
Ba oifigeach de chuid Arm Shasana agus polaiteoir de chuid na Fuigeanna ab ea an Leifteanant–Ghinearál Henry Sidney, 1ú Iarla Romney (Márta 1641 – 8 Aibreán 1704) a d’fhóin mar Mháistir-Ghinearál an Ordanáis ó 1693 go 1702. Is fearr aithne air mar dhuine de na Seachtar Neamhbhásmhar, grúpa de seachtar Sasanach a dhréachtaigh cuireadh chuig Liam Oráiste, rud a ba chúis leis an Réabhlóid Ghlórmhar i mí na Samhna 1688 agus teistíocht Séamas II Shasana ina dhiaidh sin.
Sonraí pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Henry Sidney i bPáras timpeall mhí an Mhárta 1641, an ceathrú mac a mhair de chuid Robert Sidney, an 2ú Iarla Leicester (1595–1677), agus a bhean chéile Lady Dorothy Percy (a fuair bás i 1659). I measc a dheartháireacha bhí Philip (1619–1698), a throid ar son na Parlaiminte le linn Chogaí na dTrí Ríocht, agus Algernon (1623–1683), teoiriceoir polaitiúil a raibh dlúthbhaint aige le John Locke a cuireadh chun báis i 1683 as a pháirt i gComhcheilg Rye House.[1] D'fhóin deartháir eile, Robert (1626–1668), in arm Phoblacht na hÍsiltíre, agus ba dhlúthchara é de chuid Charles II Shasana a bhí ar deoraíocht, cé gur chaill sé tacaíocht go gairid roimh a bhás.[2]
Phós a dheirfiúr ba shine, Dorothy (1617–1684) , Henry Spencer, 1ú Iarla Sunderland (1620–1643), a maraíodh ag troid ar son na Ríogaithe le linn Chéad Chogadh Cathartha Shasana; rugadh a mhac, Robert Spencer, 2ú Iarla Sunderland (1641–1702), i bPáras cúpla mí i ndiaidh Henry agus bhí an bheirt fhear ina ndlúthchairde ar feadh formhór a saoil. Ó mhí na Nollag 1685 go dtí Deireadh Fómhair 1688, bhí Sunderland ina Uachtarán ar an gComhairle faoi Séamas II Shasana.[3] Phós deirfiúr eile, Lucy (timpeall 1626-1685), Sir John Pelham, 3ú Barúnaid (1623–1703), Teachta Parlaiminte do Sussex ar feadh formhór na tréimhse ó 1654 go 1695. Fuig a thacaigh leis an Réabhlóid Ghlórmhar, bhí beirt dá gharmhac ina bPríomh-Aire.[4]
Cé go raibh mac neamhdhlisteanach ag Sidney, Henry Worthley, níor phós sé riamh; ar an 8 Aibreán 1704, fuair sé bás den bholgach ina theach i Londain agus cuireadh é cúpla lá ina dhiaidh sin in Eaglais Naomh Séamas, Piccadilly. Chuaigh a theidil i léig.[5]
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Sidney i bPenshurst Place, teach an teaghlaigh i Kent agus chaith sé cuid mhaith den tréimhse ó 1658 go 1664 ag taisteal san Eoraip lena nia agus lena chomhaoiseach, an tIarla Sunderland. Ar fhilleadh abhaile dó, bhí roinnt post aige sa chúirt agus sa bhliain 1667 coimisiúnaíodh é mar chaptaen i Reisimint na hOllainne, faoi cheannas a dhearthár Robert. Chomhlíon sé roinnt mion-mhisean taidhleoireachta sna 1670idí agus fuair sé a chéad oifig shuntasach sa bhliain 1678 nuair a cheap Séarlas ina Mháistir na bhfallaingí é.
Go luath sa bhliain 1678, chuaigh Sasana isteach arís i gCogadh Franc-Ollannach mar chomhghuaillí de chuid Phoblacht na hÍsiltíre agus tugadh ceannas do Sidney ar reisimint nua a tógadh chun troid ann. Cé gur tháinig deireadh leis an gcogadh sula bhfaca sé fiannas, d'éirigh sé mór le Liam Oráiste; le tacaíocht ó Sunderland, a bhí ina Státrúnaí don Roinn Thuaidh ag an am. I mí an Mheithimh 1679 ceapadh é ina Thoscaire chuig na Seacht nDúiche Aontaithe, post a raibh rath suntasach air agus a choinnigh sé go dtí 1681.
I mí Dheireadh Fómhair 1679 freisin, toghadh é mar Teachta Parlaiminte do Bhramber sa rud ar a dtugtar an "Exclusion Bill Parliament" uirthi go coitianta. Ba í an cheist lárnach le linn na tréimhse seo ná an iarracht a rinneadh chun an Diúc Eabhrac (a bhí ina Chaitliceach) a eisiamh ón gcomharbas. "Williamite exclusionist", ab ea Sidney, duine acu siúd a thacaigh le heisiamh, ach b'fhearr leo Liam Oráiste, mac le máthair na Stíobhar (.i. Mary Henrietta Stuart) agus a phós iníon ba shine Shéamais Mary, seachas mac neamhdhlisteanach Shéarlais, James Scott, 1ú Diúc Monmouth. I ndeireadh na dála, briseadh as a phost é, cé go raibh cead aige filleadh ar an Ísiltír sa bhliain 1682 agus tugadh ceannas dó ar cheann de reisimintí Sasanacha Bhriogáid Angla-Albanach na hÍsiltíre. D'éirigh go maith leis go dtí an bhliain 1681.

Sa bhliain 1683, cuireadh Algernon Sidney chun báis as a pháirt i i gComhcheilg Rye House, comhcheilg líomhnaithe chun Séarlas II a fheallmharú in éineacht lena dheartháir Séamas, agus Monmouth a chur ar an ríchathaoir. Toisc gurbh í Máire, bean chéile Liam, an t-oidhre ag an am sin ar ríchathaoir Shasana, sholáthair sé trúpaí chun Éirí Amach Monmouth 1685 a chloí. D’éirigh le Sidney dá bharr a chuid oibleagáidí mar ghéillsineach dílis a chothromú le bheith ina phointe teagmhála neamhfhoirmiúil idir Liam agus a lucht tacaíochta Sasanacha, chomh maith le Sunderland, ar cheap Séamas ina Uachtarán ar an gComhairle i 1685. D'athraigh an scéal i mí an Mheithimh 1688 nuair a rugadh oidhre fireann, Séamas Proinsias Éadbhard Stiúbhart; ba é dóchúlacht ríshliocht Caitliceach ba chúis leis an 'Cuireadh do Liam' (Invitation to William). Sínithe ag an Seachtar Neamhbhásmhar, ionadaithe ó na príomhthoghcheantair pholaitiúla a raibh a dtacaíocht ag teastáil ó Liam go ngéille sé chun gabháil i dtír, bhí sé dréachtaithe ag Sidney, curtha síos ina dhiaidh sin mar "the great wheel on which the Revolution rolled".
I mí Lúnasa, thaistil sé go dtí an Háig agus ceapadh ina mhaorghinearál é san fhórsa ionraidh a chuir Liam le chéile agus a tháinig i dtír i dTorbay ar an 5 Samhain. Sa tréimhse ar a dtugtaí an Réabhlóid Ghlórmharair uirthi, chuaigh an chuid is mó d'arm Shéamais leis an taobh eile agus theith sé féin ar deoraíocht go dtí an Fhrainc an 23 Nollaig. Toghadh Sidney mar Fheisire Parlaiminte do Tamworth san Convention Parliament (1689) a d’fhógair an 14 Feabhra gurbh iad Liam agus Máire na comh-mhonaircí, in áit a hathar. Ar an 4 Aibreán, cruthaíodh Barún Milton agus Bíocunta de Sidney, rinneadh Ríchomhairleoir de agus fuair sé roinnt oifigí eile, lena n-áirítear Tiarna Leifteanant Kent agus Constábla Chaisleán Dover.
Sa bhliain 1690, chuaigh Sidney in éineacht le Liam, nuair a ghlac sé cúram pearsanta ar an gcogadh in Éirinn; ceapadh é ina choirnéal ar Ghardaí na nGránádóirí,agus throid sé ag an mBóinn i mí Iúil, chomh maith le léigir Phort Láirge agus Luimnigh. D'athghaireadh é go Londain i mí na Nollag 1690, ceapadh é ina Státrúnaí do Roinn an Tuaiscirt, sular fhill sé ar Éirinn mar Ard-Leifteanant i mí an Mhárta 1692. Cé go raibh a choimhlint le Parlaimint na hÉireann le sonrú agus gur mhair sé níos lú ná bliain, choinnigh sé muinín an Rí; sa bhliain 1693, rinneadh Máistir-Ghinearál an Ordanáis de, ansin tugadh ardú céime dó go leifteanantghinearál agus cruthaíodh é ina Iarla Romney sa bhliain 1694.
San am céanna, cheannaigh sé oifig an Chief Ranger of Greenwich Park, rud a thug deis dó Teach na Banríona (Queen's House) a úsáid mar áit chónaithe phearsanta. Thug sé faoi shraith feabhsuithe, ceann acu ná cúrsa an phríomhbhóthair idir Woolwich agus Deptford a athrú, agus tugtar "Romney Road" ar chuid de anois. D'fhan sé ina dhlúthchomhairleoir do Liam agus chuaigh sé in éineacht leis go dtí an Háig don idirbheartaíocht as ar eascair síniú an Dara Comhaontas Mór i Meán Fómhair 1701. Nuair a fuair Liam bás agus nuair a tháinig an Bhanríon Áine go dtí an ríchathaoir i Márta 1702, , chaill sé an chuid is mó dá oifigí agus d'éirigh sé as an saol polaitiúil gníomhach áfach; fuair sé bás den bholgach ina theach i Londain ar an 8 Aibreán 1704, agus cuireadh é cúpla lá ina dhiaidh sin ag St James's Church, Piccadilly.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cáil Sidney faoi réir ag tuairimí éagsúla; mheas roinnt ón tréimhse chéanna go raibh sé leisciúil agus baoth, agus thug Jonathan Swift le fios go raibh sé ina idle, drunken, ignorant rake, without sense or honour '. Tá peirspictíochtaí eile níos cairdiúla, agus go ginearálta, léiríonn siad é mar "an individual with flaws, but also remarkable for his even temper, straight dealing, good judgement, and a knack for gaining the trust of others'"
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scott 2004.
- ↑ Luscombe. “Robert Sidney”. British Empire. Dáta rochtana: 6 December 2021.
- ↑ Speck 2008.
- ↑ Crook 1983.
- ↑ Mimardière 1983.
- Básanna i 1704
- Daoine a rugadh i 1641
- Iarlaí i bPiaras Shasana
- Piaraí Shasana a chruthaigh Uilliam III
- Ginearáil Shasana
- Oifigigh Ghardaí na nGránádóirí
- Ard-Leifteanaint Kent
- Ard-Leifteanaint na hÉireann
- Baill de Ríchomhairle Shasana
- Daoine as Penshurst
- Ambasadóirí Shasana chuig Poblacht na hÍsiltíre
- Feisirí Parlaiminte Shasana 1679
- Feisirí Parlaiminte Shasana 1689 -1690
- Daoine na Réabhlóide Glórmhaire