Henry Petty-Fitzmaurice, 5ú Marcas Lansdún
Ba státaire Briotanach é Henry Charles Keith Petty-Fitzmaurice, 5ú Marcas Lansdún, KG GCSI GCMG GCIE PC (14 Eanáir 1845 – 3 Meitheamh 1927),a d'fhóin i ndiaidh a chéile mar Ard-Ghobharnóir Cheanada, mar Leasrí na hIndia, mar Rúnaí Stáit Cogaidh agus mar Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha.
Sa bhliain 1917, le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, scríobh sé an "Lansdowne letter ", ag moladh go neamhbhalbh ar son chomhréitigh shíochánta.gan tairbhe. Mar mhilliúnaí, bhí an gradam aige, go raibh poist shinsearacha aige a bheith i rialtais de chuid an Pháirtí Liobrálaigh agus an Pháirtí Choimeádaigh .

Blianta tosaigh, 1845–1882
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Iarua le Príomh-Aire na Breataine, an Tiarna Shelburne (1ú Marcas Lansdún ina dhiaidh sin) agus mac ba shine le Henry Petty-Fitzmaurice, 4ú Marcas Lansdún, agus a bhean chéile, Emily, an 8ú Bantiarna Nairne ( née de Flahaut), rugadh Henry Charles Keith Petty-Fitzmaurice sa bhliain 1845 i dTeach Lansdún, áit chónaithe a mhuintire i Londain. Ba é a sheanathair ar thaobh a mháthar, an Cunta Charles de Flahaut, ginearál mór le Napoléon Bonaparte agus ball dá mhuintir. Throid sé taobh leis le linn go leor cathanna agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Ambasadóir agus ina Sheanadóir d' Impireacht na Fraince. Trína mháthair Emily, ba leathnia leis an Impire Napoleon III é Lansdún, leas-garmhac don Bhanríon Hortense Bonaparte, agus shin-gharmhac leis an bPrionsa Talleyrand, aire gnóthaí eachtracha an Impire. [1] Ba é a shin-seanathair ar thaobh a mháthar, George Elphinstone, an 1ú Bíocunta Keith, an tAimiréal freisin a chuir cosc ar Napoleon éalú ón bhFrainc i ndiaidh Chath Waterloo, agus a ghlac leis agus a rinne maoirseacht ar a dhíbirt dheireanach go dtí San Héilin sa bhliain 1815.[3]agus a ghlac lena dhíbirt dheireanach go dtí San Héilin sa bhliain 1815.
Bhí an Tiarna Lansdún ina bhall den teaghlach Fitzmaurice/Petty-Fitzmaurice, géag óg de Rishliocht Mhic Gearailt in Éirinn. Bhí an teideal cúirtéiseach Bíocunta Chlann Mhuiris aige ó rugadh é go dtí 1863, agus ina dhiaidh sin bhí an teideal cúirtéiseach Iarla Chiarraí aige go dtí gur tháinig sé i gcomharbacht mar Mharcas Lansdún sa bhliain 1866. Nuair a fuair a mháthair bás sa bhliain 1895, tháinig sé i gcomharbacht uirthi mar an 9ú Tiarna Nairne i dTiarnas na hAlban. Meastar gurbh é an séú tiarna déag ba shaibhre sa Ríocht Aontaithe é, agus an ceathrú úinéir talún ba mhó.
Tar éis dó staidéar a dhéanamh in Eton agus Oxford, tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar an 5ú Marcas Lansdún (i dTiarnas na Ríochta Aontaithe ) agus an 6ú Iarla Chiarraí (i dTairnas na hÉireann ) ag aois réasúnta óg 21 bliain d'aois ar an 5 Meitheamh 1866. Fuair sé eastát ollmhór mar oidhreacht (lena n-áirítear Teach Bowood, eastát i Wiltshire de bhreis is 142,000 acra ) agus saibhreas mór. Ar cheann dá réadmhaoind oidhreachta, Teach an Doirín ( An Láithreach , Contae Chiarraí, thosaigh an Tiarna Lansdún ag forbairt gairdín mór ó 1871 ar aghaidh. Don chuid is mó dá shaol, chaith sé trí mhí den bhliain ag an Doirín.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dard (1938). "Trois Générations: Talleyrand, Flahaut, Morny: II". Revue des Deux Mondes (1829-1971) 46 (3). France: Revue des Deux Mondes. JSTOR 44850143.