Jump to content

Henry Mountcharles

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Henry Mount Charles)
Infotaula de personaHenry Mountcharles
Beathaisnéis
Breith25 Bealtaine 1951
Bás18 Meitheamh 2025
74 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard
Scoil Harrow Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, uasal Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJuliet Kitson (en) Aistrigh (1971–)
Lady Iona Grimston (en) Aistrigh (1985–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlexander Conyngham, Earl of Mount Charles (en) Aistrigh
 ( Juliet Kitson (en) Aistrigh)
Lady Henrietta Conyngham (en) Aistrigh
 ( Juliet Kitson (en) Aistrigh)
Lady Tamara Conyngham (en) Aistrigh
 ( Lady Iona Grimston (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFrederick Conyngham, 7th Marquess Conyngham (en) Aistrigh  agus Eileen Wren Newsam (en) Aistrigh


Cuir in eagar ar Wikidata

Úinéir aitheanta Chaisleán Bhaile Shláine i gContae na Mí ba ea an Henry Mountcharles (25 Bealtaine 1951 – 18 Meitheamh 2025), nó an Tiarna Mount Charles,[1] "Viscount Slane",[2] nó an Ró-Onórach[3] Henry Vivien Pierpont Conyngham, 8ú Marquess Conyngham.[4][5]

Caisleán Bhaile Shláine

Bhí cáil ar an Mountcharles as na ceolchoirmeacha móra a reáchtáil sé i bhfearann an chaisleáin ó lár na n-ochtóidí i leith ar thriall na táinte orthu. Léithéidí The Rolling Stones, Bob Dylan, Bruce Springsteen, David Bowie, U2, Queen, Guns N’ Roses, Oasis, Madonna agus tuilleadh nach iad, sheinn siad ar fad ann ag tráthanna éagsúla. Sa bhliain 1981, eagraíodh an chéad cheolchoirm ollmhór i gCaisleán Shláine, le Thin Lizzy agus U2.

Bhunaigh sé an distillery Slane Irish Whiskey in 2015 le cabhair ó Brown‑Forman.

Ball d'Fhine Gael ab ea Mountcharles tráth, agus bhí sé ina iarrthóir toghcháin ag an bpáirtí sin cúpla uair.[5] Sheas sé do Sheanad Éireann — níor éirigh leis.

Rugadh Mountcharles sa Rotunda, Baile Átha Cliath, an mac is sine den 7ú Marquess Conyngham, sean-theaghlach Anglo-Éireannach.

Bhí Mountcharles trom ar an tobac nuair a bhí sé óg, agus ina alcólach níos déanaí. Tháinig ailse scamhóg air in 2014. Chuaigh sé faoi scian agus bhí babhtaí ceimiteiripe agus teiripe radaíochta aige ach níor éirigh leis na hiarrachtaí é a thabhairt slán ón ailse.[6][7]

Bhásaigh Mountcharles ar an 18 Meitheamh 2025, in aois 74 bliain d'aois dó. Mhair a bhean chéile, an Bhantiarna Iona, agus ceathrar clainne, Alexander, Henrietta, Wolfe agus Tamara.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Earl of Mount Charles", 1974-2009
  2. go dtí 1974
  3. "Most Honourable"
  4. Tar éis bháis a athar i 2009, ghlac sé an teideal "8ú Marquess Conyngham"
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2025-06-19). "An Tiarna Henry Mount Charles tar éis bháis" (as ga-IE). 
  6. "Slane Castle’s Lord Henry Mountcharles reveals he ‘was near death with lung cancer’" (en). SundayWorld.com (2025-06-20). Dáta rochtana: 2025-06-19.
  7. "Henry Mount Charles, owner of Slane Castle, dies aged 74" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-06-19.