Henry Hyndman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHenry Hyndman

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Márta 1842
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Samhain 1921
79 bliana d'aois
Well Walk, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCréamatóiriam Golders Green Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir, polaiteoir, cruicéadaí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach Náisiúnta (1916–1921)
Páirtí Sóisialach na Breataine (1911–1916)
Social Democratic Federation (en) Aistrigh (1881–1911) Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Spórtcruicéad Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileRosalind Travers Hyndman Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Beckles Hyndman
Síniú

Find a Grave: 41802173 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus polaiteoir Sasanach ab ea Henry Mayers Hyndman (7 Márta 1842 - 20 Samhain 1921).

Coimeádach a bhí ann ar dtús, ach d'iompaigh an Forógra Cumannach (scríofa ag Karl Marx agus Friedrich Engels ar iarratas an Chonartha Cumannach i Londain) é ar an sóisialachas agus sheol sé an chéad pháirtí polaitíochta den eite chlé sa Bhreatain, an Chónaidhm Dhaonlathach, ar a tugadh an Chónaidhm Dhaonlathach Shóisialta ina dhiaidh sin, i 1881.

Cé gur mheall an Chónaidhm seo radacaigh ar nós William Morris agus George Lansbury, de ghnáth, bhí míghnaoi ag daoine ar Hyndman mar dhuine tiarnúil, nach bhféadfadh a pháirtí a aontú. Ina ainneoin sin, ba é Hyndman an chéad údar a mheall aird an phobail ar shaothair Marx i mBéarla.

Luathbhlianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le fear gnó saibhir, rugadh Hyndman ar 7 Márta 1842 i Londain. Tar éis oideachas a fháil sa bhaile, chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide, Cambridge.[1]

Mheabhraigh Hyndman ina dhiaidh sin:

I had the ordinary education of a well-to-do boy and young man. I read mathematics hard until I went to Cambridge, where I ought, of course, to have read them harder, and then I gave them up altogether and devoted myself to amusement and general literature. [...] Trinity or, for that matter, any other college, is practically a hot-bed of reaction from the social point of view. The young men regard all who are not technically 'gentlemen' as 'cads,' just as the Athenians counted all who were not Greeks as barbarians. I was a thorough-going Radical and Republican in those days — theoretically [...] with a great admiration for John Stuart Mill, and later, I remember, I regarded John Morley as the coming man..[2]

Tar éis dó céim a bhaint amach i 1865, rinne Hyndman staidéar ar an dlí ar feadh dhá bhliain sular shocraigh sé a bheith ina iriseoir. Mar chruicéadaí den chéad scoth, rinne sé ionadaíocht ar Ollscoil Cambridge, Club Cruicéid Marylebone (CCM) agus Sussex i dtrí chluiche déag mar slacaíar deaslámhach idir 1864 agus 1865.

Sa bhliain 1866, thuairiscigh Hyndman ar chogadh na hIodáile leis an Ostair don Pall Mall Gazette. Bhí alltacht agus uafás ar Hyndman faoi réaltacht an chogaidh agus d’éirigh sé go dona tinn tar éis dó cuairt a thabhairt ar na línte tosaigh. Bhuail Hyndman le ceannairí ghluaiseacht náisiúnaithe na hIodáile agus go ginearálta bhí sé báúil lena gcúis.

Sa bhliain 1869, chuaigh Hyndman ar camchuairt ar fud an domhain, ag tabhairt cuairte ar na Stáit Aontaithe, an Astráil agus roinnt tíortha Eorpacha. Lean sé air ag scríobh don Pall Mall Gazette, áit ar mhol sé fiúntais impiriúlachas na Breataine agus cháin sé iad siúd a mhol Rialtas Dúchais na hÉireann. Bhí Hyndman an-naimhdeach freisin maidir leis na turgnaimh sa daonlathas a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe.

Phós Hyndman Matilda Ware (c. 1846–1913)[3] i 1876 agus ansin Rosalind Travers (c. 1875–1923) i 1914.

Gníomhréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hyndman, c. 1895

Chinn Hyndman ar ghairm sa pholaitíocht. Ó tharla nach raibh sé in ann páirtí a aimsiú a bhféadfadh sé tacú go hiomlán leis, shocraigh sé seasamh mar neamhspleách do thoghcheantar [[ Marylebone (Toghcheantar Pharlaimint na RA)|Marylebone]] in olltoghchán 1880. Cháin William Ewart Gladstone é mar Thoraí, ach fuair Hyndman tacaíocht an-teoranta ó na toghthóirí agus tharraing sé siar ón gcomórtas, agus é i mbaol a bheithe buailte go dona.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hyndman, Henry Mayers http://venn.lib.cam.ac.uk/cgi-bin/search-2018.pl?sur=&suro=w&fir=&firo=c&cit=&cito=c&c=all&z=all&tex=HNDN861HM&sye=&eye=&col=all&maxcount=50 . A Cambridge Alumni Database. University of Cambridge.
  2. H.M. Hyndman: An Interview," The Comrade, (New York), February 1902, pg. 114.
  3. http://powys.org/pl_tree/ps56/ps56_288.html. Genealogy of Henry Hyndman}}