Hen Wlad Fy Nhadau

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilHen Wlad Fy Nhadau

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilamhrán náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas E-maol Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirIago ap Ieuan
LeabhrógaíEvan James
LiriceoirEvan James
Teanga an tsaothair nó an ainman Bhreatnais
Dáta a bunaíodhEanáir 1856
Céadléiriú
Musicbrainz: 0b2ebf30-ffcf-41c4-9e9c-25010d77563d Cuir in eagar ar Wikidata
Siop Nain, Rhuthun, áit ar foilsíodh an t-amhrán don chéad uair..

Amhrán náisiúnta na Breataine Bige is ea Hen Wlad fy Nhadau (Gaeilge: Seantír m'aithreacha) . Ba é Ieuan ap Iago nó Evan James (1809-1878) a scríobh na focail, agus chum a mhac Iago ap IeuanJames James (1833-1902) an fonn i mí Eanáir 1856. Bhí an bheirt ina gcónaí i Pontypridd. Fíodóir agus file ab ea an mac, agus ba chruitire é an t-athair.

Is cosúil gur scríobhadh na liricí mar fhreagra ar chuireadh ón bhfile a fuair sé óna dheartháir teacht isteach leis sna Stáit Aontaithe, áit a raibh an oiread sin Breatnaigh na linne ag lorg domhan níos fearr, agus gur dearbhú sé san amhrán go bhfuil áit bhreithe an fhile (is é sin ‘Hen Wlad fy Nhadau’) maith go leor dó. Tugadh ‘Glan Rhondda’ air, mar is ar bhruach na habhann, de réir an tseanchais, a tháinig an fonn go meon an chumadóra.‘

Sheinn amhránaí áitiúil, Elizabeth John, an t-amhrán, nó ‘Glan Rhondda’ mar a tugadh air ag an am sin, den chéad uair sa bheistríi i Chapel Tabor, Maesteg i mí Eanáir nó Feabhra 1856. Cuireadh an t-amhrán i gcló i bhfoirm bailéad, agus tháinig an-tóir ar an amhrán ar fud an cheantair. Bhain sé clú agus cáil amach ag Eisteddfod Llangollen, 1858, tar éis do Llewelyn Alaw (Thomas David Llewelyn) (1828–79) o Aberdâr comórtas a bhuachan a bhí ag iarraidh cnuasach foinn Bhreatnaise neamhfhoilsith. Mar sin féin, níor cuireadh na liricí i leith Ieuan agus Iago.

Mhéadaigh an tóir a bhí ar an amhrán tar éis Eisteddfod Llangollen, sa bhliain 1858. Bhuaigh Thomas Llewelyn as Aberdâr comórtas do chnuasach neamhfhoilsithe d’fhoinn Bhreatnaise le cnuasach a chuimsigh “Glan Rhondda”. D’iarr moltóir an chomórtais, “Owain Alaw” (1821–83) cead “Glan Rhondda” a chur san áireamh ina fhoilseachán, Gems of Welsh Melody (1860–64). Thug an t-imleabhar seo an teideal is cáiliúla ar "Glan Rhondda", "Hen Wlad Fy Nhadau", agus díoladh i gcainníochtaí móra é agus chinntigh go raibh an-tóir ar an amhrán ar fud na Breataine Bige ar fad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]