Heinrich Häberlin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHeinrich Häberlin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meán Fómhair 1868
Weinfelden, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Feabhra 1947
78 bliana d'aois
Frauenfeld, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the Swiss Federal Council (en) Aistrigh
12 Feabhra 1920 – 30 Aibreán 1934
Member of the Swiss National Council (en) Aistrigh
5 Nollaig 1904 – 12 Feabhra 1920
Toghcheantar: Thurgau
President of the Swiss National Council (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig
Ollscoil Zürich
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Kantonsschule Frauenfeld (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirn Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, breitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Saor Daonlathach na hEilvéise Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Thurgovia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
CéilePaula Häberlin Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Dlíodóir, breitheamh agus polaiteoir Eilvéiseach ab ea Heinrich Häberlin (6 Meán Fómhair 186826 Feabhra 1947). Bhí Häberlin ina uachtarán ar Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise dhá uair, sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1931.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Häberlin ina mhac léinn in Ollscoil Zurich ó 1887 ar aghaidh, agus ansin in Ollscoil Leipzig agus in Ollscoil Humboldt i mBeirlín. Rinneadh dlíodóir de sa bhliain 1891. Níorbh fhada go raibh sé i measc na ndlíodóirí ní ba rathúla ina chantún dúchais (Thurgau).[1] Ba é a chliaint is cáiliúla ná Ferdinand Graf von Zeppelin.

Bhí Häberlin ina uachtarán ar Chúirt Dúiche Frauenfeld ó 1899 go 1920.

Comhairle Chónaidhme na hEilvéise i mBeirn

Ball de Pháirtí Daonlathach Saor na hEilvéise, bhí Häberlin gníomhach i bpolaitíocht an chantúin agus an náisiúin ar feadh na mblianta fada. Bhí sé ar an gComhairle Náisiúnta ó 1904 go 1920 Bhí sé ina uachtarán uirthi, ó 1918-1919.

Leasuithe náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Häberlin ina bhall de Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise ó 1920 go 1934, i gceannas ar an gceartas agus na príosúin. Le linn dó a bheith in oifig, glacadh le cód ceartais mhíleata nua, chomh maith le hathruithe ar an dlí riaracháin, ar an dlí maidir leis an gceannach éigeantach agus ar ghnéithe den dlí tráchtála.

Ba é an rud is tábhachtaí a rinne sé ná gur ritheadh athchóiriú mór ar an dlí coiriúil. Mar sin féin, theip air nuair a rinne sé iarracht an dlí tráchta a chomhoiriúnú ar fud na hEilvéise, ar diúltaíodh dó i reifreann a tharla i mí Bealtaine 1927.

Bhí baint ag Häberlin le dhá mholadh eile ar diúltaíodh dóibh i reifrinn (Lex Häberlin I sa bhliain 1922 agus Lex Häberlin II sa bhliain 1934) a neartódh cumhachtaí an stáit Eilvéisigh le dul in ngleic leis an antoisceachas, ón eite chlé agus ón eite dheis.

Bhí Häberlin ina uachtarán ar Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1931. D'éirigh sé as Comhairle na Cónaidhme ar 30 Aibreán 1934.

Ghlac Häberlin páirt ghníomhach i saol an phobail go dtí go gairid roimh a bhás i 1947.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rolf Soland: Heinrich Häberlin. In: Urs Altermatt (Hrsg.): Die Schweizer Bundesräte. Ein biographisches Lexikon. 2. Auflage. Artemis Verlag, Zürich/München 1991,[2] lch 361–365.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-06.
  2. "Die Schweizer Bundesräte ein biographisches Lexikon" . OCLC 611604825. 
  3. "Häberlin, Heinrich" (de). hls-dhs-dss.ch. Dáta rochtana: 2020-09-06.