Hapax legomenon

I dteangeolaíocht chorpais, is focal nó abairt é hapax legomenon a fheictear ach uair amháin laistigh de chomhthéacs éigin, nó taifead scríofa iomlán de theanga, nó i saothair údair, nó i dtéacs amháin. Is traslitriú (de réir nósanna an Bhéarla) é Hapax legomenon den Ghréigis ἅπαξ λεγόμενον, le brí "ráite uair amháin".[1] Mar an gcéanna, tá na téarmaí dis, tris agus tetrakis legomenon ann le haghaidh focal a fheictear faoi dhó, trí agus ceathair, ach is níos annaimhe iad.
Is sách coiteann iad hapax legomena, tuartha ag dlí Zipf,[2] a chuireann in iúl go bhfuil minicíocht focail ar bith i gcorpas ar bith i gcomhréir inbhéartach lena ord sa tábla minicíochta. Más mór é an corpas, beidh that tuairim is 40% go 60% na bhfocal ina hapax legomena, agus 10% go 15% eile ina dis legomena.[3]
Samplaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]- chomneibi, aidiacht le brí anaithnid, ag cur síos ar lata, a fheictear ach amháin sa téacs Trecheng Breth Féne #169.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ἅπαξ. Liddell, Henry George; Scott, Robert; A Greek–English Lexicon at the Perseus Project
- ↑ Paul Baker, Andrew Hardie, and Tony McEnery, A Glossary of Corpus Linguistics, Edinburgh University Press, 2006, leathanach 81, ISBN 0-7486-2018-4.
- ↑ András Kornai, Mathematical Linguistics, Springer, 2008, l. 72, ISBN 1-84628-985-8.
- ↑ "The Triads of Ireland".
![]() | Is síol faoi teangeolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |