Hans Scholl
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 22 Meán Fómhair 1918 Ingersheim an der Jagst |
| Bás | 22 Feabhra 1943 24 bliana d'aois Príosún München |
| Siocair bháis | Pionós an bháis (Dícheannadh) |
| Áit adhlactha | reilig sa Perlacher Forst, 73-1-18 48° 05′ 50″ N, 11° 35′ 58″ E / 48.097342°N,11.599478°E |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Liútarachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ludwig Maximilian, München |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | síochánaí, medical student (en) |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghearmáinis |
| Ealaíontóirí gaolmhara | Sophie Scholl: Hans and Sophie Scholl (en) |
| Teaghlach | |
| Athair | Robert Scholl agus Magdalena Scholl |
| Siblín | Inge Scholl, Sophie Scholl agus Werner Scholl |
Ba mhac léinn é Hans Scholl ( Ingersheim, 22 Meán Fómhair, 1918 – München, 22 Feabhra, 1943 a bhí ina bhall de Fhriotaíocht na Gearmáine i gcoinne an Naitsíochais, le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus crann taca an ghrúpa Die Weiße Rose (an Rós Bán). Dícheannadh é in éineacht lena dheirfiúr agus baill eile den ghrúpa.[1]
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Hans Scholl i dteaghlach Liútarach meánaicmeach i München. Ina dhéagóir, in aghaidh chomhairle a athar, a raibh gráin aige ar an Naitsíochas, chuaigh Hans isteach in Die Hitlerjugend (Ógra Hitler) . Níorbh fhada gur tháinig díomá air le réimeas na Naitsithe, agus é ag breathnú ar a fhoréigean follasach agus a údarásachas. Ó 1939 i leith, rinne sé staidéar ar leigheas in Ollscoil München agus dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a thacaigh le réimeas Hitler, agus b'fhearr leis a bheith i gcuideachta daoine óga eile a bhí i gcoinne an rialtais.
Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh i mbun seirbhíse mar chúntóir leighis é agus é fós ina mhac léinn ollscoile, ach ní go dtí an 22 Meitheamh 1942 a cuireadh é chun fónaimh in ospidéil mhíleata den "Fronta Thoir" sa Rúis agus san Úcráin ar feadh cúpla mí go dtí an 22 Meitheamh 1942, áit a bhféadfadh sé sonraí a fhoghlaim faoi choireanna cogaidh an SS .
Ar ais sa Ghearmáin, chuaigh Hans Scholl isteach i ngluaiseacht fhrithbheartaíochta fhulangach ar a dtugtaí Die Weiße Rose (Gaeilge: An Rós Bán), ag priontáil bileog agus paimfléad frith-Naitsíoch le le dáileadh go rúnda i München. Nuair a tháinig na póilíní air ag an ngníomhaíocht seo an 18 Feabhra 1943, gabhadh é in Ollscoil München in éineacht lena dheirfiúr, Sophie Scholl .
Sa triail achomair os comhair Chúirt an Phobail ( Volksgerichtshof ), gearradh pianbhreith báis ar Hans agus Sophie as tréas, nuair a tháinig ábhar na bpaifléad a gabhadh ó na Scholl chun solais, inar iarradh ar an bpobal sibhialta Gearmánach seasamh in aghaidh an rialtais agus inar tugadh cuntas ar an bhforéigean a rinne an SS san Oirthear..
An lá sular dícheannadh é, dúirt Hans Scholl leis an mBreitheamh Roland Freisler, Naitsí fanaiceach, "I gceann tamaill bhig, is tusa a bheidh inár n-áitne." Cuireadh chun báis é ar an 22 Feabhra 1943, i ndiaidh a dheirféar, i bPríosún Stadelheim, ag an chéastúnach Johann Reichhart.
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Die weiße Rose (Michael Verhoeven)
- Sophie Scholl - Die letzten Tage, ainmnithe le haghaidh Oscar don scannán eachtrach is fearr.
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Inge Scholl: Die Weiße Rose . Fischer Verlag, Frankfurt am Main 1994, ISBN 3-596-11802-6
- Harald Steffahn: Die Weiße Rose . Rowohlt, Reinbek 1992, ISBN 3-499-50498-7
- Fritz Schmidt: In Ulm, um Ulm und um Ulm herum. 1933–1938, in: ders., dj.1.11- Triológ. Éadan 2005
- Eckard Holler: Hans Scholl zwischen Hitlerjugend und dj.1.11 – Die Ulmer Trabanten . Verlag der Jugendbewegung
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Geschwister-Scholl-Preis, duais liteartha a bunaíodh chun cuimhne aige: Duais Scholl Brothers
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The White Rose: A Lesson in Dissent by Jacob G. Hornberger
- Text of leaflets in English Curtha i gcartlann 2017-03-17 ar an Wayback Machine
- NYT artículo
- Biografie von Hans Scholl
- BR-Online Themenbereich mit Informationen zum Film "Sophie Scholl - die letzten Tage"
- Eine provoziernende Auseinandersetzung mit den Geschwistern Scholl
- Rezension S. Zankel: Die "Weisse Rose" war nur der Anfang
- Informationen zum Prozess gegen die Geschwister Scholl/die Widerstandsgruppe Die Weiße Rose vor dem "Volksgerichtshof"; Unterseite einer Dokumentation über deren Richter Roland Freisler