Hans Litten
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Meitheamh 1903 Halle (Saale) |
Bás | 5 Feabhra 1938 34 bliana d'aois Campa Géibhinn Dachau, Gearmáin na Naitsithe |
Siocair bháis | Féinmharú (Crochadh) |
Áit adhlactha | Campa Géibhinn Dachau |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ludwig Maximilian, München Ollscoil Humboldt Bheirlín |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Beirlín |
Gairm | saineolaí dlí, dlíodóir, trodaí frithbheartaíochta |
Tréimhse oibre | 1928 – |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Dlíodóir Gearmánach, agus céile comhraic na Naitsithe sna 1930idí, ab ea Hans Achim Litten (19 Meitheamh 1903 – 5 Feabhra 1938). Chuir Litten an dlí ar Adolf Hitler ach d'fhág a theanntás colg ar an Fuhrer agus d'íoc Litten go daor as.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Hans Litten sa bhliain 1903 in Halle. Bhí a athair, Friedrich Litten, ina Ollamh le Dlí Rómhánach agus Dlí Sibhialta in Ollscoil Königsberg. D'iompaigh sé ar an Liútarachas ón nGiúdachas agus phós sé Liútarach.[1]
Chuir Litten in aghaidh dhearcadh na heite deise náisiúnaíche a bhí a athair agus bhí bá aige lena oidhreacht Ghiúdach. Ag an am céanna, ghéill sé don bhrú a chuir a athair air staidéar a dhéanamh ar an dlí agus d'aimsigh sé an-spéis ann a luaithe a d'aithin sé a ngnéithe polaitiúla faoi mar a bhíodh cúrsaí i bPoblacht Weimar.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dhiúltaigh Litten do na deiseanna a tugadh dó poist bhrabúsacha a fháil, trí lucht aitheantais a athar agus mar gheall ar na torthaí scrúdaithe den scoth a bhí aige. In ionad é sin a dhéanamh, bheartaigh sé ionadaíocht a dhéanamh, den chuid is mó, d'oibrithe nuair a bhí siad agus na póilíní (nó údaráis phoiblí eile) in árach a chéile. Bhí baint aige, ar an iomlán, leis an bPáirtí Cumannach agus é ag dlíodóireacht, ach ní raibh sé ar aon intinn leis an bPáirtí maidir le go leor saincheisteanna.
I gceann de na cásanna is cáiliúla ina raibh Litten ina abhcóide, rinne sé croscheistiú go mion ar Adolf Hitler sa bhliain 1931 faoi ghríosú ón bPáirtí Naitsíoch chun gníomhartha foréigin (agus a mbeartú) in aghaidh daoine a bhí ag cur ina n-éadan go polaitiúil.
Chuir dánacht Litten an-olc ar Hitler. Bhí an oiread aiféaltais ar Hitler de bharr an eispéiris seo, agus an oiread míchompoird air, gur fhorbair sé gráin phearsanta dhosháraithe do Litten, a bhí i measc na gcéad daoine gabhadh tar éis do Naitsithe teacht i réim, ós rud é gur tugadh faoi choimeád é oíche dhóiteán an Reichstag (28 Feabhra 1933).
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rangaíodh Litten mar Ghiúdach, dar leis na Naitsithe agus chaith sé an chuid eile dá shaol i sraith sluachampaí géibhinn. Ceistíodh agus céasadh agus buaileadh go mion is go minic é, ar feadh cúig bliana agus gan aon mhisneach go scaoilfí é.
D'éag Litten i nDachau ar 5 Feabhra 1938. D'éirigh leis an iarracht deireanach ar fhéinmharú a rinne sé (tar éis dó iarracht eile, ar a laghad, a dhéanamh roimhe sin le linn dó bheith i ngéibheann.).
Cáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go mór mór tar éis don Ghearmáin a bheith athaontaithe, aithníodh Litten mar dhuine ar thús cadhnaíochta na ndlíodóirí a bhain úsáid as a gcuid scileanna gairmiúla chun iarracht a dhéanamh ar chur in aghaidh dul chun cinn na Naitsithe agus an saghas gluaiseachta a bhí iontu a nochtadh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2017). "Hans Litten" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ "Hans Litten: The man who annoyed Adolf Hitler" (en-GB). BBC News (2011-08-19). Dáta rochtana: 2021-02-06.