Hamnet (scannán)
Bean as Éireann, Maggie O’Farrell, a scríobh an leabhar ar a bhfuil an scannán Hamnet (2025) bunaithe. Ghnóthaigh Jessie Buckley, aisteoir as Cill Airne, Golden Globe as a ról sa scannán, in éineacht le Paul Mescal.[1]




Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Casann Will Shakespeare óig naoi mbliana déag d’aois ar Agnes (Anne Hathaway), an chéad uair a leagadar súil ar a chéile. Ba léir an lasair mhaighnéadach eatarthu. Thugadar lámh is focal dá chéile an chéad lá sin. I mBéarla neamhfhoirmeálta Eilíseach na linne, bhíodar hand-fasted. Grá téisiúil atá ann, a thabharfaidh a sáith den anró ar ball dóibh, nuair a sciobfaidh an phlá a n-aonmhac Hamnet agus gan ach aon bhliain déag slánaithe ag an bplúr-leaidín álainn óg.[2]
Téann an stiúrthóir scannáin Chloé Zhao go bun an angair ag tumadh rúndiamhair an ghrá a bheir greim anama is coirp ar Agnes, iníon bhean feasa na foraoise, agus ar Will, mac an cheardaí lámhainní. Ríomhtar go máistriúil dímheas an dá theaghlach, Hathaway agus Shakespeare, ar a chéile ón tús. Níltear ag súil go mbeidh rath ar an bpósadh. Ní thuigeann éinne seachas iad féin foirnéis spleodrach na díse míorúiltí seo, ná an chros-toirchiú a bhronnfaidís ar a chéile san insint shamhlaíoch seo ar scéal grá Anne Hathaway agus William Shakespeare agus ar an treascairt a d’fhulaingeoidís, mar bhean is mar fhear, nuair a bhuail ráig de phlá mharfach an tír galar a sciob uathu Hamnet óg.[2]
Hamlet
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá nasc ann idir ainm leaidín Shakespeare agus an dráma Hamlet. Tugann an consaeit gléas meafarach an-éifeachtach don scannánóir le treascairt Will agus Agnes Shakespeare a léiriú. Tharla an chéad léiriú Hamlet trí bliana i ndiaidh bhás Hamnet san Amharclann Globe beart slánaithe agus deis téarnaimh don lánúin.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bridget Bhreathnach (29 Eanáir 2026). "DIALANN TUAIRISC: Gort a’Choirce sciobhtha ag an mBreatain, Príomh-Aire na hIndia ag tvuíteáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- 1 2 3 Pat Butler (19 Eanáir 2026). "Ag Jessie Buckley in ‘Hamnet’ atá an taispeántas aisteoireachta is fearr a chonaic mé riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-05.