Hamnet (leabhar)
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Maggie O'Farrell |
| Teanga | Béarla |
| Foilseachán | 2020 |
| Tréith | |
| Seánra | úrscéal |
| Suíomh scéalaíochta | Stratford-upon-Avon |
Leabhar le Maggie O’Farrell (arb as Doire di) is ea Hamnet, leabhar a ghnóthaigh an Women’s Prize for Fiction sa mbliain 2020 agus an duais don fhicsean ag na National Book Critics Circle Award an bhliain chéanna.[1]
Tá an t-úrscéal bunaithe ar shaol William Shakespeare agus a theaghlach agus scéal a mhic, Hamnet, a cailleadh agus é aon bhliain déag d’aois.
Tá an scannán Hamnet (a tháinig amach in 2025/2026) bunaithe ar an úrscéal Hamnet.

Hamlet
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa leabhar, tá nasc ann idir ainm leaidín Shakespeare agus an dráma Hamlet, ceann de na drámaí is cáiliúla a scríobhadh riamh i mBéarla. Is cosúil gur scríobh Shakespeare an dráma Hamlet ceithre bliana i ndiaidh bhás a mhic (Lúnasa 1596). Tharla an chéad léiriú Hamlet cúpla bliain (timpeall 1599–1601) i ndiaidh bhás Hamnet san Amharclann Globe. Sa leabhar, is beart slánaithe agus deis téarnaimh don lánúin an dráma Hamlet. Tugann an consaeit seo gléas meafarach an-éifeachtach le treascairt Will agus Agnes Shakespeare a léiriú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bridget Bhreathnach (8 Eanáir 2026). "Rún na hathbhliana? Fan inti, ní fada uainn Lá na Leiciméirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-11.