Hammy Sgìth
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | rapálaí, cumadóir, déantóir scannán |
| Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Is file agus ceoltóir rap Gàidhlig é Hammy Sgìth.
Bíonn sé ag cruthú ceoil ar lipéad Wee Studio agus bhí súil a chéad albam a chur amach samhradh 2025.
Cruthaíodh an t-albam le seinnteoir ceirníní a fuair sé le hoidhreacht óna leasmháthair a bhí á úsáid aici sna hochtóidí agus bailiúchán mór taifeadtaí, ar a dtugann sé ‘landfill trad’ a rinneadh sna seascaidí agus sna seachtóidí a fuair Hammy i siopaí carthanachta i nGlaschú.
Ina chuid filíochta, déanann sé iarracht domhan osréalach a chruthú trí tharraingt ar thobar an bhéaloidis agus ar chultúr te bruite an lae inniu. Scríobhann sé faoi na fianna agus faoi Chú Chulainn agus meascann iad le ceol a chumtar ar Mic agus MPC. Tá a phróiseas cruthaitheach le feiceáil ar TikTok – áit a roinneann sé a chuid smaointe ar chultúr reatha na hAlban agus gníomhaíocht ar son na Gàidhlig.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]