Jump to content

Haca oighir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportHaca oighir
Cineálhaca, scátáil oighir agus spórt oighir
Údarás spóirtInternational Ice Hockey Federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír dhúchaisCeanada

Is spórt é haca oighir (nó "haca ar oighear") a imrítear ar oighear. Bíonn dhá fhoireann ag imirt in aghaidh a chéile agus iad ag iarraidh puc a chur isteach i gcúl an fhoirne eile le camáin speisialta. Bíonn seisear imreoirí ó gach foireann ar an oighear ag an am céanna de ghnáth - cúlbaire amháin, beirt chosantóirí, agus triúr ionsaitheoirí.

Bíonn an-tóir ar an spórt seo i dtíortha mar Cheanada, na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSualainn, an Fhionlainn, agus an tSeicia. Is é an NHL (National Hockey League) an sraith ghairmiúil is mó agus is cáiliúla, le foirne ó Cheanada agus na Stáit Aontaithe.

Tá cáil ar an spórt seo as a luas, a scileanna teicniúla, agus uaireanta as na trodanna a tharlaíonn idir imreoirí - cé nach bhfuil sin ina chuid oifigiúil den chluiche.

Shamrock championship lacrosse team, 1879
Físeán: VHK Vsetín v Salith Šumperk 2008

Tá imirt ar na Cluichí Gaelacha i gCeanada ón 19ú céad – imircigh as Éirinn a thug leo iad. Agus is iad muintir an tuaiscirt a thug an iomáint leo go Ceanada ar dtús. Is cineál ‘ground-hurling’ a bhí ann ag an am, thart ar 250 bliain ó shin. Ba iad an dream ó thuaidh a thug leo é. Daoine as Cúige Uladh is mó a bhí ag dul anonn go dtí gur tháinig aimsir an ghorta.[1]

Mar gheall air sin, cé nár thóg sé i bhfad ar mhuintir Cheanada dul i gcion ar an gcluiche a dtugtaí ‘ice hurling’ air nuair a imríodh ar dtús é ar lochanna reoite na hAlban Nua, tá tionchar na nGael le feiceáil ar scéal an haca oighir.

Agus iad ag freastal ar Boys King College School in Albain Nua, bhíodh páistí na n-imirceach sin i mbun iomána sa sioc agus sa sneachta. Mhol a bpríomhoide, William Cochrane arbh as Tír Eoghain dó, gan bacadh leis an sliotar a ardú, ach é a bhualadh feadh na talún. B’in tús na "hiomána oighir". Chuir saighdiúirí a bhí i Fort Edward in aice láimhe suim sa gcluiche freisin agus thug siadsan leo é ó bheairic go beairic. Le himeacht ama rinneadh haca oighir den "iománaíocht-oighir".[2]

An club mór atá i Quebec ná na Montreal Canadiens, bunaithe ag Ambrose O'Brien.[3] Bunaíodh na Montreal Shamrocks in 1886.[4] Rinneadh an dá fhoireann a chónascadh in 1909/1910.

Is iad na Toronto Maple Leafs an fhoireann haca oighir is mó ar domhan ach is Toronto St Pat’s a bhí orthu ar dtús, foireann Éireannach arís.

Rugadh Geraldine Heaney[5] i gContae Ard Mhacha (ar an 1 Deireadh Fómhair 1967) ach bhog a muintir go Toronto nuair a thosaigh na Trioblóidí ó thuaidh. Is í an bhean is mó le rá í sa haca oighir. Tá boinn Oilimpeacha agus Craobh an Domhain buaite aici.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Poc na nGael, Curtha i láthair ag Ger Loughnane, caitheann an scannán faisnéise súil ar thionchar na nÉireannach ar an haca oighir, ó thús an spóirt 250 bliain ó shin go dtí an lá atá inniu ann.
  1. 1.0 1.1 Pádraic Ó Ciardha (14 Iúil 2017). "Scéal na hiomána agus an haca oighir le hinsint i scannán nua Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-20.
  2. Mártan Ó Ciardha (19 Deireadh Fómhair 2025). "An lá go raibh róidió i bPáirc an Chrócaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-20.
  3. "Ambrose O'Brien" (as en) (2024-03-26). Wikipedia. 
  4. "Montreal Shamrocks" (as en) (2025-04-24). Wikipedia. 
  5. "Geraldine Heaney" (as en) (2025-05-13). Wikipedia.