Jump to content

H. B. Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaH. B. Higgins

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Meitheamh 1851
Baile Nua na hArda, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Eanáir 1929
77 bliana d'aois
Dromana, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisStróc
Ball de Theach Ionadaithe na hAstráile
30 Márta 1901 – 12 Nollaig 1906
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Toghcheantar: Melbourne Thuaidh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Dlí Melbourne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Canberra Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, breitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Cosantaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
SiblínIna Higgins
Duine muintearthaEsmonde Macdonald Higgins (nia)
Nettie Palmer (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir, polaiteoir agus breitheamh Éireannach-Astrálach Henry Bournes Higgins (30 Meitheamh 185113 Eanáir 1929). Ba mhórphearsa na heite clé san Astráil é le linn na 1880idí - 1920idí.[1][2][3]

1890

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1900idí

Rugadh Higgins mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin, ar 30 Meitheamh 1851.I gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath a cuireadh oideachas air.

Chuaigh sé ar imirce chun na hAstráile lena thuismitheoirí sa bhliain 1870. Rinne sé a chuid staidéir ar an dlí sa Scoil Dlí in Ollscoil Melbourne agus glaodh chun Bharra Victoria air sa bhliain 1876 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1903.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Higgins ina fhorásaí polaitiúil agus chun tosaigh i measc lucht tacaíochta Rialtas Dúchais na hÉireann.[1]


Sa bhliain 1894 toghadh Higgins chun Chomhthionól Reachtaíochta Victoria (seomra íochtarach Pharlaimint Victoria) agus sa bhliain 1897 chun Choinbhinsiún Bunreachtúil na hAstráile. Bhí sé i gcoinne Bunreacht Chomhlathas na hAstráile a ghlacadh, ar an mbonn go raibh sé ró-choimeádach agus i gcoinne na páirte a ghlac na hAstráile i nDara Cogadh na mBórach; chaill sé an suíochán a bhí aige sa Chomhthionól mar gheall air sin, sa bhliain 1900.

Bhí sé ina bhall de Theach na nIonadaithe ó 1901 go 1906 agus - d'ainneoin go raibh sé ina Chosantaí in áit a bheith ina fheisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre - roghnaíodh mar Ard-Aighne é sa chéad rialtas feidearálach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, a bhí in oifig ar feadh seal gairid sa bhliain 1904, ó ba rud é go raibh sé i bhfabhar chearta na n-oibrithe, idirghabháil an stáit sa gheilleagar agus an vóta a thabhairt do mhná, le blianta fada.[1]

H.B. agus Mary Higgins

Breitheamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh an tUiginneach ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt na hAstráile sa bhliain 1906 agus bhí sé ina Uachtarán ar Chúirt an Chomhlathais um Réiteach agus Eadráin (institiúid a mhol sé go diongbháilte sna díospóireachtaí a bhí ann sna 1890í) ó 1907 go 1920.

Sa cháilíocht sin, bhí sé meáite ar chothrom na Féinne a thabhairt do na fostóirí agus do na hoibrithe araon, ar thaobh amháin trí bhunús dlí don íosphá maireachtála a leagan síos agus, ar an taobh eile, trí chur in éadan an dúshláin a rinne roinnt ceardchumann míleatach do bhreithiúnais na Cúirte.

Lean sé ar aghaidh mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar feadh níos mó ná ocht mbliana tar éis dó éirí as mar bhall de Chúirt an Chomhlathais. Fiú sa lá atá inniu ann, is mórphearsa na heite clé san Astráil é fós.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "H. B. Higgins". Dáta rochtana: 2023.
  2. John Rickard. "Higgins, Henry Bournes (1851–1929)" (as en). Australian Dictionary of Biography. Canberra: National Centre of Biography, Australian National University. 
  3. Carmel Meiklejohn, thar ceann AGS (oifig Aturnae Rialtas na hAstráile. (2020). "HENRY BOURNES HIGGINS KC 1851–1929". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-22. Dáta rochtana: 2023.