Hélinand de Froidmont

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

File, trouvère, croiniceoir, agus scríbhneoir eaglasta a mhair thart ar an dtréimhse idir an bhliain 1160 agus an bhliain 1237 ab ea Hélinand de Froidmont (Laidin: Helinandus Frigidimontis, nó Elinandus, Elynandus, srl.).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i bPronleroy nó in Angivillers, gar do Shaint-Just-en-Chaussée, atá suite i ndépartement Oise an lae inniubh, a rugadh Hélinand de Froidmont, rud a tharla thart ar an mbliain 1160. Do fuair sé a chuid oideachais i mBeauvais agus do bhí an gramadóir Raoul, fear a dhein a chuid staidéir féin fé stiúradh Phierre Abélard, mar mhúinteoir aige.

Duine de shíol uasal ab ea Hélinand de Froidmont agus do chuir sé aithne ar neart tiarnaí agus prealáidí dá bharr. Cara ab ea é de chuid Philippe de Dreux, Easpag Bheauvais agus col ceathair leis an rí Philippe Auguste, mar shampla.

Nuair a bhí Hélinand de Froidmont ina throuvère, do chuireadh sé saothair dá chuid os comhair an phobail in áiteanna éagsúla agus do chan sé os comhair an rí agus a chúirte fiú. Tar éis dó cáil a bhaint amach mar fhile, áfach, dhein sé an cinneadh éirí as an slí bheatha san agus éirí i mbeatha manaigh. Do chuaigh sé isteach i Mainistir Chistéirseach Fhroidmont, a bhí suite i nDeoise Bheauvais. Cé gur manach a bhí ann ón am san amach, agus cé go raibh sé ina thost ar feadh tamaill, do lean Hélinand de Froidmont ar aghaidh leis an bhfilíocht; dánta de shaghas eile a bhí á scríobh aige, áfach. Idir an bhliain 1194 agus an bhliain 1197, do chum sé na véarsaí ar a dtugtar Vers de la Mort (Gaeilge: 'Véarsaí an Bháis').

Eiseamláir ab ea é den gcráifeacht agus de mhoirtniú na colainne tar éis dó dul isteach insan mainistir. Do chaith sé a chuid ama ar fad ag déanamh staidéir ar chúrsaí eaglasta agus, tar éis dó a bheith oirnithe, is leis an urnaí agus leis an scríbhneoireacht a chaitheadh sé gach lá dá shaol go dtí lá a bháis.

Do fuair sé bás ar an 3ú lá d'Fheabhra insan mbliain 1223, 1227, nó 1237. Do glacadh leis mar naomh i mBeauvais agus ba é an tríú lá d'Fheabhra lá a fhéile. Níor thug an Eaglais aitheantas mar naomh dó riamh, áfach.