Géarchéim fuinnimh Aontas Eorpach - An Rúis, 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim fuinnimh Aontas Eorpach - An Rúis, 2022
Cineálpolitical dispute (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 Márta 2022 - 
Tíran Rúis agus Aontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata


Spleáchas ar ghás nádúrtha ón Rúis
Praghasanna

Thosaigh géarchéim fuinnimh san Aontas Eorpach i rith 2022 nuair a d'fhógair an tIarthar smachtbhannaí in aghaidh na Rúise. Tharla Ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus cuireadh srian ar an tráchtáil idirnáisiúnta.

Tháinig ardú as cuimse ar phraghas gáis ar fud na hEorpa sa bhliain 2022, san earrach de bharr imní go gcuirfear smachtbhannaí ar easpórtálacha fuinnimh ón Rúis, agus sa samhradh, de bharr imní go gcuirfeadh an Rúis srianta ar easpórtálacha.[1] Fuair tíortha Eorpacha thart ar 40% dá soláthairtí gáis ón Rúis sa bhliain 2020/2021.

Cealaíodh Nord Stream 2 agu dúnadh Nord Stream 1

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2021, bhí brú ar phraghsanna an gháis nádúrtha ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip. Chuir an Aire Stáit Joe O’Brien an milleán ag an am ar an Rúis toisc nach raibh siad réidh ag an am chun breis gáis a chur ar fáil.[2] Tharraing an píblíne Nord Stream 2 conspóid go leor.

Ar an 22 Feabhra 2022, bhí cosc curtha ag an nGearmáin le próiseas deimhniúcháin phíblíne Nord Stream 2.

I dtús mhí na Márta tugadh le fios go bhféadfadh na Stáit Aontaithe agus tíortha Eorpacha smachtbhannaí a chur ar ola ón Rúis. Chuir sin imní ar lucht na margaí faoi easpórtálacha gáis chomh maith.

D'éiligh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin i dtús an Aibreáin gur i rúbail a d'íocfadh tíortha an Iarthair as gás ón Rúis feasta. É sin nó stopfaí soláthairtí, a dúirt sé ag an am.

Chuir an Rúis srianta ar easpórtálacha

Ar 15 Aibreán 2022, tháinig cosc i bhfeidhm ar longa a bhí cláraithe sa Rúis teacht le balla ag na calafoirt san Aontas Eorpach.[3] Ach níor tháinig longa Rúiseacha a bhfuil gual,gás nádúrtha, nó ola faoin gcosc seo.

2008ː agóid "Shell chun Sáile" in Éirinn

Ar 31 Bealtaine 2022 d'fhógair an comhlacht ola Rúiseach Gazprom go raibh soláthairtí gáis chun na hÍsiltíre stoptha acu tar éis do chomhlacht fuinnimh na tíre sin GasTerra diúltú íoc as an ngás i rúbail.[4]

Ar an lá céanna, tháinig ceannairí an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú sa Bhruiséil faoi theorainn a chur le hiompórtáil ola ón Rúis. Ach ghlac siad fós le hola a sheoladh chucu i bpíopaí (san Ungáir go háirithe).

I rith an tsamhraidh, bhí eagla go gcuirfeadh an Rúis stop le soláthairtí gáis chun na hEorpa. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen go raibh seans maith ann go gcuirfieadh an Rúis stop le sruthanna gáis chun na hEorpa. Ar 20 Iúil 2022, chinn an tAontas Eorpach úsáid gháis a ísliú 15% le linn aimsir an gheimhridh, ó Mhí Lúnasa go dtí Mí an Mhárta.[5]

Agus achrann eacnamaíochta ag géarú idir Moscó agus an Bhruiséil, bhí stop curtha ag an Rúis lena cuid soláthairtí gáis chun na hEorpa ar 30 Lúnasa 2022,[6] mar dhíoltas ar smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm ar an Rúis ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin.[7]

Tuairiscíodh nach raibh An Rúis leis an phíblíne a oscailt arís go dtí go gcuirfear deireadh le smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm san Earrach 2022.[8] Bhí sé curtha i leith Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhfuil soláthairtí gáis á n-úsáid aige mar airm chogaidh.

Bhí imní ollmhór ann nach mbeidh a ndóthain gáis ann do thíortha Aontas na hEorpa sa geimhreadh 2022/2023 agus go mbeadh ciondáil fuinnimh i gceist (gá le ciondáil gáise go háirithe) i roinnt do na tíortha is saibhre san Eoraip. Bhí eagla ann chomh maith go dtarlóidh cúlú eacnamaíochta

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2022-03-07). ""Ní thacóidh an Ungáir le smachtbhannaí fuinnimh ar an Rúis"" (as ga). 
  2. Eoin Ó Murchú (2021). "Géarchéim fuinnimh an toradh a bheidh ar cháin charbóin na nGlasach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  3. Nuacht RTÉ (2022-04-16). "Cosc ar longa cláraithe sa Rúis theacht le balla ag na calafoirt" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2022-05-31). "Teorainn curtha ag an AE le hiompórtálacha ola ón Rúis" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2022-07-20). "AE ag iarraidh usáid gháis a ísliú 15% aimsir an gheimhridh" (as ga). 
  6. 'ar feadh 3 lá' ar dtús. Dúirt Gazprom go raibh gá obair chothabhála a dhéanamh ar Nordstream 1, ach bréag amach is amach a bhí ann.
  7. Nuacht RTÉ (2022-08-31). "Stop le soláthairtí gáis ón Rúis chun na hEorpa ar feadh 3 lá" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2022-09-05). "Ardú mór ar phraghasanna gáis san Eoraip ar maidin" (as ga).