Gun Ghaol
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | banna ceoil |
| Gníomhaíocht | |
| Seánra | Metalcore (en) |
| Codanna | |
| Suíomh gréasáin | gunghaol.com |
Is banna Albanach miotal trom é Gun Ghaol (GA: "gan ghrá") atá tar éis cáil a bhaint amach mar an gcéad bhanna metalcore ar domhain a chasann i nGaeilge na hAlban. Tá lucht éisteachta mór go maith bainte amach acu lena gcuid ceoil atá lán fuinnimh buile amhail falla fothraim.[1][2][3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Gun Ghaol amach mar thionscadal aonair de chuid Colin Stone nuair a thosaigh sé ag cur físeáin suas ar na meáin shóisialta mar fhreagairt ar ghairm chun gnímh ó Mhód Náisiúnta na hAlban sa bhliain 2022. Níor fada go raibh na scórtha mílte amharc faighte acu, rud a chuir ina luí air go bhfuil tóir ar a leithéid mar cheol, in Albain agus thar sáile.[4][1][5]
Deir Stone go bhfuil a chroí istigh sa chineál seo ceoil ó bhí sé ag fás aníos agus go bhfuil saorghlanadh mothúchánach le fáil san éisteacht leis agus ina chruthú. D'fhoghlaim sé na scileanna le himeacht na mblianta ach níor thaitin an toradh leis go dtí gur thosaigh sé á scríobh i nGaeilge na hAlban, teanga a mháthair. Tugann sé le fios go bhfuil sé ag iarraidh cur le héagsúlacht na seánraí i gceol Ghaeilge na hAlban.[5]
Leum
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig céad albam Ghun Ghaol amach i mí Dheireadh Fómhair 2024. Bhí 10 dtraic i Leum agus b'é Stone a scríobh, a mheasc, agus a mháistrigh é.[1][5] Le cloisteáil air bhí toradh chomhoibre le ceoltóirí eile .i. an mbanna rac BALACH a chananns sa teanga chéanna, an banna miotal ón bhFionnlann Lowhill, chomh maith le caimeo ón iomrascálaí Mick Foley fiú amháin. Tháinig an t-albam amach agus an Mód ar siúl san Óban. Le cloisteáil air tá leagan den amhrán cáiliúil faoi thabhairt Lia Fáil go hAlbain, "Òran na Cloiche", arna chanadh ag nia óg Stone.[1][4]
Fás agus casadh beo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fógraíodh in Aibreán 2025 go raibh fás tar éis teacht ar an mbanna agus ceathrar páirteach ann feasta. An t-ilionstraimí Paul Martin (Hò-rò, Calum MacPhail, Josie Duncan, Scott C. Park srl.) atá ar an ngiotár, le Stuart Bradley ar na drumaí, agus Finlay Cable ar an dord (beirt a bhí páirteach sa bhanna rac mata Greater the Divide roimhe). Is i nGlaschú atá an banna lonnaithe.[6][2][7]
Bhí Gun Ghaol le feiceáil ag Féile Tartan Heart i mBaile an Druim, gar d'Inbhear Nis. Tuairiscíodh gurb iadsan an seit ba throime i rith na féile agus cur i láthair fíochmhar a thugadar uathu ann. Chuir BBC Alba tuairisc ina dtaobh ar an teilifís.[3][2]
Eisíodh Sgrios, an chéad EP dar chruthaigh an banna le chéile, i mí Lúnasa 2025. B'é Kieran Smith léiritheoir an EP, fear atá lonnaithe i nDùn Dèagh agus a rinne obair le To Kill Achilles agus Bitterwood cheana. Sula raibh teacht ar an EP féin, éisteadh le singlí uaidh na mílte móra babhta ar Spotify, chomh maith le hAmazing Radio agus an stáisiún Breatnach Radio Wigwam, agus bhí os cionn 17,000 leantóir ag an mbanna ar YouTube.[3][2][7] Deir an banna gur albam gruama atá ann, m.sh. go mbaineann "Rabhadh" le ceannairí nach bhfuil ag déanamh dada faoi chinedhíothú, ach gur maith an léiriú é sin ar an domhain mar atá.[8] Dar le léirmheastóir amháin, tá éagsúlacht áirithe idir na hamhráin. Tús pléascadh is ea Suidh Sìos m.sh., a bhfuil fuaim úr nua-aoiseach leis, le casadh nu-mhiotail ann a thugann preabadh sa bhreis dó. Más í an Ghaeilge a tharraingeos d'aird ar dtús, a deir sé, is í ardchaighdeán an metalcore a mheallas ar ais thú.[7]
"Tha e na urram dhuinn cluich aig Dorn San Aer am-bliadhna. Tha am fèis a’ comharrachadh na Gàidhlig anns a h-uile cruth - agus tha sinn air leth toilichte ar ceòl Gàidhlig a thoirt gu daoine ann an Gaobh Dobhair.
Tha fios a’m dè an ìre de bhuaidh a bh’ aig Ronan. Tha e cho math tachartas mar seo fhaicinn a’ tachairt na ainm."
—Gun Ghaol, [9]
Fógraíodh i mí Iúil 2025 go mbeadh Gun Ghaol ag triall thar Shruth na Maoile le casadh ag Dorn san Aer na bliana. Is í an fhéile seo i nGaeltacht Thír Chonaill an chéad gig thar sáile dar chas an banna riamh.[9][10][5][2][11] D'eisigh siad seinnliosta saincheaptha don seó.[12]
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Colin Stone (príomhamhránaí)[1]
- Stuart Bradley (drumaí)[6][2]
- Finlay Cable (dord)[6][2]
- Paul Martin (giotár)[6][2]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leum (2024)
EPanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sgrios (2025)
Singlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Tóg Dealbh" (2025)
- "Air An Oir" (2025)
- "DEISEAL" (2025)
- "Suidh Sìos" (2025)
- "Marbhtach" (2024)
- "Clachan" (2024)
- "Abair" (2024)
- "Toiseach An Deireadh" (2024)
- "Bha Thu Ceàrr" (2023)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: gunghaol.com
- Bandcamp: gunghaol.bandcamp.com
- Léirmheas: "EP Review: Gun Ghaol – Sgrios (Self Released)"
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Alasdair Ferguson (2024-10-18). "'World's first' Scottish Gaelic metalcore album launches after singer's viral fame" (as Béarla). The National. Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 Olaf Furniss ⁊ Derick Mackinnon (2025-08-17). "Under the Radar: Gun Ghaol" (as Béarla). The Scotsman. Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Mark McDougall (2025-07-31). "Scotland's first Gaelic metalcore band to debut at Belladrum" (as Béarla). The Herald. Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 4.0 4.1 Ros Crae (2024-11-03). "Thousands of listeners worldwide are streaming Gaelic metalcore" (as Béarla). The Sunday Post. Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 "Scots Gaelic music: why Gun Ghaol was created" (as Béarla). Colin Stone (30 Lúnasa 2025). Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 "Gun Ghaol announce first show, adds members" (as Béarla). Gun Ghaol (11 Aibreán 2025). Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Carl Fisher (2025-08-29). "EP Review: Gun Ghaol – Sgrios (Self Released)" (as Béarla). GAMES, BRRRAAAINS & A HEAD-BANGING LIFE. Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ "Gun Ghaol release 'Sgrios' EP — Gun Ghaol | Scottish Gaelic metalcore" (as Béarla ⁊ Gaeilge na hAlban). Gun Ghaol (28 Lúnasa 2025). Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ 9.0 9.1 "Gun Ghaol to play Dorn San Aer 2025 — Gun Ghaol | Scottish Gaelic metalcore" (as Béarla ⁊ Gaeilge na hAlban). Gun Ghaol (31 Iúil 2025). Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ "An dara bliain de dhiabhlaíocht ag 'Dorn San Aer'". NÓS (2025-08-13). Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ Gun Ghaol. "Gaelic metalcore coming to Glasgow and Donegal | #gaelic #celticmusic #celticmetal". YouTube. Dáta rochtana: 2025-09-26.
- ↑ "Gun Ghaol's Dorn San Aer 2025 Concert Set List on Apple Music". Apple Music. Dáta rochtana: 2025-09-26.[nasc briste go buan]