Griko (teanga)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaGriko
Cineálcanúint
Canúint naNua-Ghréigis
Úsáid
Cainteoirí dúchais20,000
Stáitan Iodáil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Heilléanacha
Nua-Ghréigis
Italiot Greek (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaan aibítir Ghréagach
Leibhéal leochaileachta4 severely endangered (en) Aistrigh
Cóid
Glottologapul1237
Linguasphere56-AAA-aia
UNESCO1614
Endangered languages10922

Is éard atá i gceist leis an teanga Griko (as Gréigis: Κατωιταλιώτικα / Katoitaliótika) ná canúint Gréigise a labhraítear i ndeisceart na hIodáile. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag fiche éigin míle duine. Sa chiall chúng, is ionann an teanga Griko agus an chanúint a labhraítear i Salento, agus is canúint eile í an Ghréigis a labhraítear i gCalabria. An chuid is mó de Ghréagaigh bhundúchasacha na hIodáile is í canúint Salento atá acu - níl Gréigis Chalabria ach ag cúpla céad duine. San am chéanna ní mór a admháil go raibh iomlán dheisceart na hIodáile ag labhairt Gréigise tráth den tsaol, agus chuaigh an Ghréigis go mór mór i bhfeidhm ar an gcanúint Rómánsach a labhraítear i gCalabria inniu.

Tá na canúintí seo breac le focail iasachta ón Iodáilis, agus cé go bhfuil stádas oifigiúil mionlaigh acu sa dlí ón mbliain 1999 anuas, is beag atá rialtas na hIodáile a dhéanamh le Gréigis na hIodáile a chosaint. Tá na daoine óga ag éirí aisti go tiubh le cromadh ar an Iodáilis mar phríomhtheanga, agus níl mórán páistí á dtógáil leis an teanga.