Jump to content

Uachtar gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Grianscagaire)
Fógraíocht timpeall 1930-1939[1]

D'fhéadfadh ailse chraicinn teacht ar dhaoine de bharr an iomarca gréine. Is ceart uachtar gréine[2]grianscagaire[3] a úsáid gach lá den bhliain le dochar na gréine a laghdú a oiread agus is féidir.[4]

Úsáidtear é chun treá gathanna ultraivialaite don chraiceann a laghdú. Bíonn ábhair éagsúla in úsáid chuige: aigéad paraimínibeansóch agus sinc, mar shampla.[5]

is ceart beagán dua agus tuilleadh airgid a chaitheamh ar uachtar don aghaidh
Tá leaganacha deasa ar fáil de bhrandaí áirithe gur féidir a spraeáil ort féin

Is féidir gnáth-uachtar gréine nach bhfuil ró-chostasach a úsáid ar fhormhór na colainne, lámha, cosa, guaillí agus mar sin de. Is ceart fiú dhá chineál uachtar gréine a úsáid go rialta – ceann amháin don aghaidh agus ceann eile don cholainn, agus is ceart beagán dua agus tuilleadh airgid a chaitheamh ar cheann don aghaidh, ceann atá níos cineálta agus a bhfuil comhábhar ann a dhéanfaidh maitheas don chraiceann (bain úsáid as an app Yuka[6] chun uachtar níos cineálta a aimsiú).

Sa dá chás ba cheart cinn a roghnú a bhfuil fachtóir cosanta ar an ngrian de +50 ag baint leo. Níor mhór iad a chur ort arís agus arís eile le linn an lae le go bhfaighfeá cosaint cheart uatha. Tá leaganacha deasa ar fáil de bhrandaí áirithe gur féidir a spraeáil ort féin mar cheo fiú, os cionn do chuid smididh le linn an lae leis an gcosaint bhreise sin a thabhairt duit féin.

Bíonn an baol ann go roghnódh daoine uachtar gréine le dúil cheimiceach iontu seachas cinn le comhábhar fisiceach. Ceadaíonn na cinn cheimiceacha do ghathanna na gréine teagmháil leis an gcraiceann ach baineann siad an dochar astu. Na cinn fhisiceacha – bíonn dé-ocsaíd tíotáiniam[7]ocsaíd since[8] mar chomhábhair iontu – blocálann siad gathanna na gréine ar fad.

Bíonn daoine meallta ag na cinn cheimiceacha mar go bhfuil siad níos éasca le cur ort agus go mbraithfí gur cosúil iad le maothóir. Tá na cinn le comhábhar fisiceach níos deacra le cur ort agus is minic a fhágann siad dath geal nó tréigthe ar d’aghaidh nó ar do chraiceann fad is atá tú á gcaitheamh. Ach is fiú an tairbhe an trioblóid agus is fearr i bhfad an chosaint atá ar fáil uathu.[4]

In 2025 bhí uachtar gréine saor in aisce ar fáil do chuairteoirí i bpáirceanna poiblí i gContae Chorcaí. Tagann cur i bhfeidhm an tionscnaimh seo i ndiaidh do Chumann Ailse na hÉireann a rá go bhfuil riosca méadaithe ailse craicinn ann i measc teochtaí arda. 'Sí an inacmhainneacht an phríomhchonstaic a chuireann cosc ar dhaoine uachtar gréine a chaitheamh. Bhí na dáileoirí grianscéithe ar fáil i bPáirc na Mara, Páirc Fitzgerald, Páirc Clashduv agus Páirc Meelick. Bhí foláireamh buí maidir le teocht ard i bhfeidhm in Éirinn ag an am.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Wigglesworth Golden Tan sun screen cream : brown as berries yet not burned : 2/5 large size tube." (en). Wellcome Collection. Dáta rochtana: 2025-07-13.
  2. i mBéarla na Ríochta Aontaithe, suncreamsun cream
  3. i mBéarla na Stát Aontaithe, sunscreen, sun screensunblock nó fiú sun lotion
  4. 4.0 4.1 Sara Ní Chuirreáin (4 Meitheamh 2017). "Uachtar gréine d’aimsir an tsamhraidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-13.
  5. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéime). 
  6. "Yuka - The Mobile App That Scans Your Products" (en-US). Yuka. Dáta rochtana: 2025-07-13.
  7. i mBéarla, titanium dioxide
  8. i mBéarla, zinc oxide
  9. Conradh na Gaeilge Londain (12 Iúil 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-07-13.