Jump to content

Grand Prix na hOstaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Austrian Grand Prix
Red Bull Ring
(2014–)
Eolas an rása
Méid na mbabhtaí43
Bliain an chéad bhabhta1963
Buanna is mó (tiománaithe) Max Verstappen (4)
Buanna is mó (déantóirí) Ferrari (7)
Fad an ráschúrsa4.318 km (2.683 mílte)
Fad an rása306.452 km (190.420 mílte)
Cuarda71
An babhta deireanach (2024)
An t-ionad cinn
Póidiam
Cuaird is gasta

Is imeacht rásaíocht ghluaisteán é Grand Prix na hOstaire (Gearmáinis: Großer Preis von Ǒsterreich) a reáchtáladh i 1964, 1970-1987, agus 1997-2003. Tháinig sé ar ais chuig an fhéilire Foirmle a hAon i 2014, áit ar fhán sé ó sin amach. Ritheadh é don chéad uair ag an Aerbhunáit Zwelteg dá chéad eagrán neamh-Chraoibhe. Ó 1970, reáchtáladh an rás ag an Österreichring, aitheanta faoi láthair mar an Red Bull Ring mar gheall ar an úinéireacht ón chomhlacht deochanna Ostarach leis an ainm chéanna. Ó tháinig an rás ar ais chuig an fhéilire, de ghnáth ritheann sé i rith na mbabhtaí méan-shéasúir den Chraobh Domhanda Foirmle a hAon, le heisceacht amháin: bhí Grand Prix na hOstaire mar chéad bhabhta na Craoibhe i 2020, mar gheall ar an phaindéim COVID-19. Chomh maith le sin, i 2020 bhí rás sa bhreis ann ag an Red Bull Ring faoin ainm Grand Prix Styria, ritheadh é dhá uaire ar an deireadh seachtaine i ndiaidh Grand Prix na hOstaire ionas go mbeidh an méid is mó rásanna agus is féidir ar an fhéilire i rith na séasúr a raibh tionchar ar an phaindéim orthu.