Is imeacht rásaíocht ghluaisteán é Grand Prix na Spáinne (Spáinnis: Gran Premio de España, Catalóinis: Gran Premi d'Espanya) ag tarlú ag Ráschúrsa Barcelona-Catalunya faoi láthair. Tá sé ar cheann de na rásanna is sine atá go fóill in iomaíocht, ag ceiliúradh a chomóradh céad bliain i 2013. Bhí tús réasúnta ag an rás mar rás do chairr táirgthe. Le briseadh ann mar gheall ar an Chead Chogadh Domhanda, d'fhán an rás do dheich mbliana dá dara tréimhse, anois mar gné lárnach de fhéilire na hEorpa. I 1927 bhí sé páirteach de Chraobh Dhomhanda na nDéantóirí; ardaíodh é chuig Craobh na hEorpa i 1935 sular curadh stad ar rásaíocht mar gheall ar Chogadh Cathartha na Spáinne. D'éirigh leis an rás a athbheochan i 1967 agus tá sé mar ghnáthpháirt den Chraobh Domhanda Foirmle a hAon ó 1968 (seach 1982-1985) ag áiteanna éagsúla.
Ceaptar go mbeidh an t-imeacht ag titim amach ag Ráschúrsa Barcelona-Catalunya go dtí 2025.[1] Ó 2026 go 2035 ar a laghad rithfear an rás ar shráidchúrsa nua cóngarach de Madrid.[2]
Is síol faoi Foirmle a hAon é an t-alt seoCuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.