Grand Prix na Ríochta Aontaithe
| Ráschúrsa Silverstone (2011–) | |
| Eolas an rása | |
|---|---|
| Méid na mbabhtaí | 79 |
| Bliain an chéad bhabhta | 1926 |
| Buanna is mó (tiománaithe) | |
| Buanna is mó (déantóirí) | |
| Fad an ráschúrsa | 5.891 km (3.66 mílte) |
| Fad an rása | 306.198 km (190.263 mílte) |
| Cuarda | 52 |
| An babhta deireanach (2024) | |
| An t-ionad cinn | |
| |
| Póidiam | |
| |
| Cuaird is gasta | |
| |
Is imeacht carr ghluaisteán é Grand Prix na Ríochta Aontaithe atá eagraithe san Ríocht Aontaithe ag Motorsport UK. Ritheadh an chéad eagrán de i 1926 leis an Royal Automobile Club (RAC) mar eagarthóirí, reáchtáladh é go bliantúil ó 1948 agus tá sé mar bhabhta an Chraobh Foirmle a hAon ó 1950.
Rithtear Grand Prix na Ríochta Aontaithe ag an Ráschúrsa Silverstone faoi láthair, cóngarach den sráidbhaile Silverstone i Northamptonshire, Sasana. Ba é an t-imeacht 2019 an 70ú huair a ritheadh an rás mar imeacht na Craoibhe Domhanda ón chéad shéasúr i 1950, agus an 53ú huair a reáchtáladh babhta den Chraobh Domhanda i Silverstone.
Is é rás na Ríochta Aontaithe an rás is sine ar fhéilire an Chraobh Foirmle a hAon toisc go raibh an rás i 1950 i Silverstone an chéad bhabhta den chéad shéasúr i 1950. Is é agus Grand Prix na hIodáile an dá Grands Prix Foirmle a hAon atá rite i ngach séasúr a reáchtáladh an chraobh. Ba babhta é mar pháirt de Chraobh Domhanda na nDéantóirí i 1926 agus 1927, ach níor rith é i rith saol Chraobh na hEorpa. Ainmníodh é mar Grand Prix na hEorpa cúig uaire idir 1950 agus 1977, nuair a bhí an t-ainm seo ina teideal oinigh a thugtar gach bliain do Grand Prix amháin san Eoraip. Reáchtáladh gach Grand Prix na Ríochta Aontaithe i Sasana ó 1926 ar aghaidh.
Ceapfar go mbeidh an t-imeacht ag titim amach i Ráschúrsa Silverstone go stí 2034 ar a laghad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "SILVERSTONE CONFIRMED AS HOME OF THE FORMULA 1 BRITISH GRAND PRIX UNTIL 2034" (en). Silverstone. Dáta rochtana: 2025-03-23.
| Is síol faoi Foirmle a hAon é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |