Grand Prix Monacó
Is imeacht rásaíocht ghluaisteán Foirmle a hAon é Grand Prix Monacó (Fraincis: Grand Prix de Monaco) a reáchtáladh gach bliain go mall sa Bhealtaine nó go luath i mí Meithimh ar an Ráschúrsa Monacó. Eagraithe ó 1929,[1][2] meastar go forleathan gurb é ar cheann de na rásanna is tábhachtaí ar an Domhan, agus is é ceann de na rásanna - chomh maith leis an Indianapolis 500 agus 24 Uair Le Mans - a chruthaíonn Coróin Thriarach an Mhótarspóirt.[3] Is é an t-aon Grand Prix amháin nach gcloínn leis an íosfhad rása 305 ciliméadar (190 míle) do rásanna Foirmle a hAon atá ordaithe ón FIA.[4]
Ritheann an rás ar chúrsa chúng thart ar sráideanna Monacó, le hathruithe airde, coirnéil chúnga agus an tollán. Cruthaíonn na tréithe seo ceann de na ráschúrsaí is deacra i bhFoirmle a hAon. In ainneoin na meán-luasanna sách íseal, is áit chontúirteach é le bheith ag rásaíocht mar gheall ar chúinge an ráschúrsa, agus is minic a bhfeictear an carr sábháilteachta i rith an rása.
Bhí an chead Grand Prix Monacó ar an 14 Aibreán 1929. Bhí an rás páirteach den Chraobh Eoraip roimh an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé sa chead Chraobh Domhanda na dTiománaithe i 1950. Ainmníodh é mar Grand Prix na hEorpa i 1955 agus 1963, nuair a bhí an t-ainm seo ina teideal oinigh a thugadh gach bliain do Grand Prix amháin san Eoraip. Bhí Graham Hill aitheanta mar "Mr. Monaco"[5] de thairbhe a chúig bhua Mhonacó sna 1960idí. Tá níos mó buanna ag Aryton Senna ná tiománaí ar bith eile, le sé cinn, ag buachan cúig rás as a chéile idir 1989 agus 1993.[6] Le haon eagrán is ochtó den Grand Prix Monacó, níl ach dhá bhuaiteoirí ón tír, Louis Chiron i 1931, agus Charles Leclerc i 2024.[7]
Roimh 2026,[8] is minic a dtarlaíonn an t-imeacht Foirmle a hAon ar an deireadh seachtaine deireanach i mí Bealtaine agus tá sé aitheanta mar cheann de na deiridh seachtaine is mó sa rásaíocht ghluaisteán, mar titeann an rás Foirmle a hAon amach ar an Domhnach céanna leis an Indianapolis 500 (IndyCar Series) agus an Coca-Cola 600 (NASCAR Cup Series).[9]
Tagirtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Defensive Driving (2016-10-28). "The Most Famous Car Races in the World" (en-US). Defensive Driving. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ Benjamin Zhang. "3 Of The World's Biggest Car Races Are Coming Up — Here's What You Need To Know" (en-US). Business Insider. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ Kate Walker (2018-06-14). "Fernando Alonso Takes Another Shot at a Motorsport Triple Crown" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "F1 RULES & REGULATIONS: What’s new for 2019? | Formula 1®" (en). Formula 1® - The Official F1® Website. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "Latest Formula 1 Breaking News - Grandprix.com". www.grandprix.com. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "Remembering Senna: King of Monaco - CNN.com". web.archive.org (2020-05-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-23. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "Best facts and stats after the Grand Prix in Monaco" (en). Formula 1® - The Official F1® Website. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "Monaco GP date to change from 2026 as Formula 1 agrees six-year extension to keep famous event on calendar" (en-GB). Sky Sports. Dáta rochtana: 2025-03-22.
- ↑ "Racing's pinnacle: Sunday brings the Monaco Grand Prix, Indianapolis 500 and Coca-Cola 600" (en). ESPN.com (2022-05-28). Dáta rochtana: 2025-03-22.
![]() | Is síol faoi Foirmle a hAon é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |