Jump to content

Grand Prix Ceanada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grand Prix Ceanada
Ráschúrsa Gilles Villeneuve
(2002–)
Eolas an rása
Méid na mbabhtaí59
Bliain an chéad bhabhta1961
Buanna is mó (tiománaithe) Michael Schumacher (7)
Lewis Hamilton (7)
Buanna is mó (déantóirí) Ferrari (14)
Fad an ráschúrsa4.361 km (2.709 mílte)
Fad an rása305.270 km (189.694 mílte)
Cuarda70
An babhta deireanach (2024)
An t-ionad cinn
Póidiam
Cuaird is gasta

Is imeacht rásaíocht ghluaisteán é Grand Prix Ceanada (Fraincis: Grand Prix du Canada) atá rite go bliantúil ó 1961.[1] Tá an rás mar pháirt de Chraobh Domhanda Foirmle a hAon ó 1967. Ar dtús, curadh é ar siúl ag Páirc Mosport in Bowmanville, Ontario, mar imeacht do chairr spóirt, agus ag déanamh sealaíochta idir Mosport agus Ráschúrsa Mont-Tremblant, Québec, le Foirmle a hAon i gceannas an imeachta. I ndiaidh 1971, bogadh an Grand Prix go Mosport go buan mar gheall ar imní sábháilteachta. I 1978, de thairbhe imní sábháilteachta den shórt chéanna le Mosport, bogadh an Grand Prix Ceanada chuig a bhaile reatha ag Ráschúrsa Gilles Villeneuve ar Oileán Notre Dame i Montréal, Québec.

I 2005, ba é an Grand Prix Ceanada an Grand Prix Foirmle a hAon leis an lucht féachana is mó riamh. Bhí an rás an tríú imeacht spóirt leis an lucht féachana is mó ar fud an Domhain, ar chúl an Super Bowl XXXIX sa chéad áit, agus Cluiche Ceannais Champions League UEFA na bliana sin.[2]

Curadh na himeachtaí 2020 agus 2021 ar ceal mar gheall ar an phaindéim COVID-19.[3][4] I ndiaidh cealú an Grand Prix Ceanada 2021, síneadh an conradh go dtí 2031.[5] Tháinig an Grand Prix Ceanada ar ais ar an fhéilire don shéasúir 2022.

  1. "Grand Prix Winners". web.archive.org (2007-11-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-05. Dáta rochtana: 2025-03-22.
  2. "India media news marketing India advertising Indian brands tv media newspapers". web.archive.org (2011-07-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-20. Dáta rochtana: 2025-03-22.
  3. "Montreal Formula 1 cancelled due to COVID-19 | CTV News". web.archive.org (2020-07-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-24. Dáta rochtana: 2025-03-22.
  4. Daniel J. Rowe (2021-04-28). "Formula 1 Canadian Grand Prix in Montreal cancelled for second straight year due to health crisis" (en). CTVNews. Dáta rochtana: 2025-03-22.
  5. "Canadian GP cancelled due to COVID-19, contract to hold race in Montreal extended" (en). Coast Reporter (2021-04-28). Dáta rochtana: 2025-03-22.