Grafaic rastair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh cruthaithe íomhá le ríomhaire, ina dtiomáineann an ríomhaire monatóir teilifíse chun íomhá de 625 líne nó níos mó a dhéanamh. Athnuaitear an pictiúr go rialta, gach 0.04 (1/25) soicind ar a laghad. Úsáidtear teicníocht den saghas céanna chun íomhánna a chlárú ar phrintéir picteilínbhunaithe, cosúil le printéir léasair nó dúchscairde.