Gradaim Oscar, 2026
| Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | Academy Awards ceremony (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Suíomh gréasáin | oscars.org… | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Reáchtáladh Gradam Oscar 2026[1] ar an 15 Márta 2026 arna eagrú ag Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Pictiúir (AMPAS). Reáchtáladh an 98ú searmanas in Amharclann an Dolby i Hollywood, Los Angeles agus bronnadh gradaim in 24 catagóir ar scannáin a eisíodh sa bhliain 2025.
Craoladh an searmanas sna Stáit Aontaithe ar ABC agus ar Hulu. Ba é an fuirseoir Conan O'Brien a bhí ina láithreoir don dara bliain as a chéile.




Bua stairiúil d'Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar Jessie Buckley na hÉireann a bronnadh an gradam don aisteoir baineann is fearr i bpríomhpháirt as a ról sa scannán Hamnet. Ba í an chéad duine as Éirinn í ar éirigh léi an gradam sin a bhuachan.[3]
Thiomnaigh Buckley an gradam don "chroí álainn trína chéile" a bhíonn ag máthair.
D'éirigh le Richie Baneham, a bhuaigh dhá Oscar roimhe sin, gradam a fháil sa rannóg don mhaisíocht físe dá chuid oibre ar an scannán Avatar: Fire & Ash. "Jim Cameron, go raibh míle maith agat," a dúirt Baneham agus é ag moladh stiúrthóir an scannáin.
Príomhbhuaiteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghnóthaigh One Battle After Another, scéinséir aicsin le Paul Thomas Anderson, sé ghradam ar an oíche — an líon is mó ag aon scannán amháin — lena n-áirítear an gradam don scannán is fearr agus don stiúrthóir is fearr.
Ba é Michael B. Jordan a bhuaigh an gradam don aisteoir is fearr dá ról sa scannán Sinners.
Sinners — curiarracht ainmniúchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an scannán Sinners 16 ainmniúchán — an líon is mó i stair na nGradam Oscar riamh, ag sárú an taifid roimhe sin de 14 ainmniúchán a bhí ag All About Eve (1950), Titanic (1997) agus La La Land (2016).
Bhuaigh Warner Bros. Pictures 30 ainmniúchán san iomlán, a scór is fearr ó 2005.
Éire agus Hamnet
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh Maggie O'Farrell as Doire don script is fearr a cóiríodh do scannán as an úrscéal Hamnet ar a bhfuil an scannán bunaithe.
Bhí ceithre ainmniúchán ag Ed Guiney[2] agus Andrew Lowe ó Element Pictures as an scannán Bugonia, agus bhí dhá ainmniúchán ag Wild Atlantic Pictures, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, don scannán Blue Moon, a rinneadh in Éirinn.
Ainmníodh John Kelly don ghearrscannán beochana is fearr do Retirement Plan.
Fíricí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag aois 30, tháinig Timothée Chalamet ar an aisteoir óg fireann is mó ainmniúchán ó aimsir Marlon Brando, agus ba é an duine óg is mó a fuair ainmniúcháin do aisteoireacht agus léiriú sa bhliain chéanna.
Tháinig Chloé Zhao ar an dara bean a ainmníodh don stiúrthóir is fearr faoi dhó.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 98th Academy Awards 2026
- 1 2 "Ed Guiney “The car queue lasts around 2 hours to the Oscars”" (en). RTE Radio (2026-03-15). Dáta rochtana: 2026-03-17.
- ↑ "Bua stairiúil ag Jessie Buckley ag na gradaim Oscar" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-16). Dáta rochtana: 2026-03-17.
