Gradaim Náisiúnta Meán na Mac Léinn
| Cineál | tréimhseachán grúpa duaiseanna | ||
|---|---|---|---|
| Bailíocht | 2000 - | ||
| Tír | Éire | ||
| Suíomh gréasáin | smedias.ie | ||
Tá Gradaim Náisiúnta Meán na Mac Léinn nó na SMEDIAS[1][2] ina gcomórtas bliantúil uile-Éireann iriseoireachta do mhic léinn arna reáchtáil ag an suíomh gréasáin Oxygen.ie.[3][4] Tugann siad aitheantas do mhic léinn a léiríonn caighdeán agus nuálaíocht ina gcuid oibre sna meáin idir fhoilseacháin, raidió, theilifís, mheáin shóisialta, agus scannánaíocht.[1] Táthar tar éis iad a lua mar phríomhghradaim mac léinn na hÉireann.[5][6]
Stair agus cruth
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 2000 i leith, tá comórtas iriseoireachta mac léinn á reáchtáil ag Oxygen.ie, suíomh gréasáin atá dírithe ar mhic léinn tríú leibhéal.[7]
Ón mbliain 2020 i leith, glactar le hiarratais i raidhse catagóirí.[8][9] Áirítear leo sin Eagarthóir na Bliana (a ghnóthaigh ag University Observer COBÁC cheana),[10] Iris na Bliana (a ghnóthaigh Flux OCBÁC cheana),[10] Nuachtán na Bliana (a ghnóthaigh leithéidí The University Times OAC,[11] Trinity News CTBÁC,[12] agus University Observer cheana), Scríbhneoir Spóirt na Bliana (a ghnóthaigh The College View OCBÁC cheana),[12] agus Suíomh Gréasáin na Bliana (a ghnóthaigh Sin.ie cheana).[12][7]
Fógraíodh sa bhliain 2026 go mbeadh catagóir nua ag na gradaim feasta, .i. Cruthaitheoir Ábhair Gaeilge na Bliana. Bronnfar é ar an duine "is fearr a léirigh tiomantas leanúnach don Ghaeilge ar aon ardán digiteach nó meán" i rith na bliana trí "ábhar nuálach, tarraingteach agus ar ardchaighdeáin trí Ghaeilge" a chruthú.[1]
Moltóirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na moltóirí bhí:
- Geraldine Kennedy, Eagarthóir The Irish Times[10]
- Ruth Scott, DJ 2fm[9]
- Cathal Ó Searcaigh, Ball d'Aosdána[foinse?]
- Jason Sherlock, Buaiteoir Ghradaim Sárimreoirí CLG CIG[foinse?]
- Benjamin Cleary, scannánóir a bhuaigh Oscar[13]
- Paul Howard, iriseoir agus údar[13]
Naisc amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: smedias.ie
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 "Gradam nua Údarás na Gaeltachta ag SMEDIAS 2026: cruthaitheoir ábhair Gaeilge na bliana" (27 Feabhra 2026). An Páipéar (69).
- ↑ “Gabija Gataveckaite wins Journalist of the Year at the Smedias 2019” (as Béarla). IrishExaminer.com (2019-04-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Aibreán 2019. Dáta rochtana: 2020-02-07.
- ↑ “About the Awards” (as Béarla). National Student Media Awards. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Iúil 2017.
- ↑ “Smedias Winners 2017” (as Béarla). Oxygen.ie (2017). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Aibreán 2017. Dáta rochtana: 7 Feabhra 2020.
- ↑ “Smedias 2010 - The National Student Media Awards” (as Béarla). Oxygen.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2010. Dáta rochtana: 13 Márta 2010.
- ↑ “Smedias 2009 (17 Apr 2009)” (as Béarla). Oxygen.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Feabhra 2013. Dáta rochtana: Márta 13, 2010.
- 1 2 Hilliard. “NUI Galway student newspaper Sin wins National Student Media Awards” (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-07.
- ↑ “The National Student Media Awards” (as Béarla). Oxygen.ie (2019). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Samhain 2019. Dáta rochtana: 7 Feabhra 2020.
- 1 2 “Smedias 2010 - Winners List” (as Béarla). Oxygen.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Aibreán 2010. Dáta rochtana: 7 Feabhra 2020.
- 1 2 3 "Student journalist of year wins on the double" (as Béarla). The Irish Independent (22 Aibreán 2010). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Aibreán 2010. Dáta rochtana: 25 Aibreán 2010.
- ↑ Genevieve Carbery (4 Aibreán 2010). "TCD paper takes prize" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 7 Feabhra 2020.
- 1 2 3 "Trinity News scoops six Smedia Awards" (as Béarla). RTÉ (12 Aibreán 2001). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Aibreán 2001.
- 1 2 “NUI Galway Student Awarded Top Irish Radio Prize at the National Student Media Awards” (as Béarla). NUIGalway.ie (2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 31 Deireadh Fómhair 2019. Dáta rochtana: 2020-02-07.
- Meáin na mac léinn
- Oideachas in Éirinn
- Ollscolaíocht in Éirinn
- Nuachtáin in Éirinn
- Tréimhseacháin Éireannacha
- Meáin na hÉireann
- Iriseoireacht
- Craoltóireacht
- Foilsitheoireacht
- Tionscal na meán
- Duaiseanna Liteartha na Gaeilge
- Duaiseanna Liteartha
- Gradaim na Gaeilge
- Dámhachtainí
- Duaiseanna
- Comórtais do mhic léinn in Éirinn
- Bunaithe sa bhliain 2000
- Bunaithe sna 2000í