Jump to content

Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais
Cineálgrúpa duaiseanna
duais liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bronnta agOireachtas na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Is dámhachtainí bliantúla iad Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais (nó Leabhair Ghaeilge na Bliana[1]) a bhronnann Oireachtas na Gaeilge ar son na leabhar is fearr deartha, cló agus ábhair, a foilsíodh i rith na bliana.[2] Áirítear iad mar na príomhdhuaiseanna ar son feabhais sa litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge.[3] Is é cuspóir na ngradam léiriú don saol ardchaighdeán na leabhar Gaeilge atá á gcur ar fáil agus foilsitheoirí a spreagadh chun breis iarrachtaí a dhéanamh.[4]

Is iad seo a leanas critéir na ngradam: "fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta."[5]

Gradam Uí Shúilleabháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronntar Gradam Uí Shúilleabháin ar "Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta".[5] Tá urraim mhór dó.[4][6]

Gradam Réics Carló

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronntar Gradam Réics Carló ar "Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg".[5] Is as an mbleachtaire Réics Carló ó leabhair Chathail Uí Shándair a ainmníodh é.[7][8][9]

Gradam de Bhaldraithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronntar Gradam de Bhaldraithe ar "Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile".[5][10] Cuireadh tús leis sa bhliain 2019. Is in ómós do Thomás de Bhaldraithe a ainmníodh é.[11]

Is sa bhliain 1897 a céad-bhunaíodh an comórtas.[12] Rinneadh athbhunú ar Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2005.[4] Ba í an bhliain dár gcionn an chéad uair a fógraíodh na buaiteoirí ag Oireachtas na Samhna.[2]

Ar feadh tamaill de bhlianta sna 2010idí, ní bhíodh ach an t-aon ghradam amháin á bhronnadh in aghaidh na bliana, Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carló ar a seal gach re bliain.[13]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "20 leabhar ainmnithe do ghradaim ‘Leabhair Ghaeilge na Bliana’ 2024". Tuairisc.ie (2024-08-22). Dáta rochtana: 2026-02-22.
  2. 1 2 Pól Ó Muirí (8 Samhain 2006). "Oireachtas Dhoire". The Irish Times: lch 17.
  3. "Gradam Réics Carló 2021 winner announced" (as Béarla). Books Ireland (2021-10-06). Dáta rochtana: 2026-02-22.
  4. 1 2 3 Máiréad Ní Chinnéide (16 Iúil 2008). "An Gúm as an áireamh do Ghradam Uí Shúilleabháin". The Irish Times: lch 15.
  5. 1 2 3 4 "Gearrliostaí do Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2020 Fógartha" (as Gaeilge ⁊ Béarla). Books Ireland (2020-08-19). Dáta rochtana: 2026-02-22.
  6. An Dr Tracey Ní Mhaonaigh (29 MF 2023). "Fionntán de Brún's novel, Béal na Péiste, has won the Gradam Uí Shúilleabháin award" (as Gaeilge ⁊ Béarla). www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  7. Bridget Bhreathnach (2022-07-22). "Cén chaoi nár tháinig mé trasna ar leabhair Réics Carló?". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  8. Mártan Ó Ciardha (2024-04-14). "Gearradh trí scór bliain de m’aois, bhí mé fillte ar Rang 6 agus mé ag léamh Réics Carló.". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  9. Róisín Adams (Iúil 2022). "Breithlá sona duit, a Réics!". Comhar 82 (7).
  10. Stephen Price (2025-08-20). "Welsh publisher reaches Irish Book of the Year shortlist" (as Béarla). Nation.Cymru. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  11. Méabh Ní Thuathaláin (2019-06-05). "Gradam nua Thomáis de Bhaldraithe le bronnadh ar shaothair aistrithe". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  12. "Shortlist for Irish-language Book of the Year announced" (16 Lúnasa 2023). The Irish Times: lch 4.
  13. Maitiú Ó Coimín (2017-10-04). "Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’ fógartha". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.