Grúpaí réaltaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rangaítear na réaltaí go garbh de réir a n-aoiseanna is a suíomh taobh istigh de réaltra. I nGrúpa I, réaltaí óga (suas le roinnt mílte milliún bliain) a fhaightear i ngéaga bíseacha an réaltra a bhíonn i gceist. I nGrúpa II, seanréaltaí a bhíonn i gceist agus iad dáilte ar fud an réaltra, ach sa bhfáinne is an bhoilsc lárnach go háirithe. Is féidir an dá ghrúpa a idirdhealú ar bhonn simplí eile: na forfhathaigh ghorma gheala i nGrúpa I den chuid is mó, agus na fathaigh dhearga is na habhacréaltaí i nGrúpa II den chuid is mó. Mar thoradh ar éabhlóid cheimiceach na réaltaí, bíonn Grúpa I níos saibhre i ndúile troma ina bpléasca réaltacha ná na réaltaí i nGrúpa II, a cruthaíodh nuair nach raibh na dúile troma flúirseach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Grúpaí réaltaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 335.