Grán arcáin
Ficaria verna ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Ranunculaceae |
Treibh | Ranunculeae |
Géineas | Ficaria |
Speiceas | Ficaria verna ![]() Huds., 1762 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Is saghas ilbhliantúil lom fearbáin é an grán arcáin, an aonscoth, lus na gcnapán[1]nó na searraigh[2] (Laidin: Ficaria Verna nó 'Fige an Earraigh').
Cur Síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luibh íseal is ea an grán arcáin, a fhásann ó 100-150mm san airde ar ghas an-ghairid a éiríonn as bonnstoc snáithíneach le tiúbair bheaga bhána. Tá a chuid duilleog croíchruthach lonrach dúghlas, le féitheanna bána agus cos fhada. 8-12 peiteal faoi dhath glébhuí a bhíonn ar na bláthanna dá chuid, a éiríonn bán de réir mar a mheathann siad.[3] Bíonn cnuasach aicéiní de thoradh aige, i bhfoirm chomhchruinneáin.[2]
Réim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an grán arcáin coiteann i gcoillte taise agus i móinéir ar fud na hEorpa is iarthar na hÁise, ó leibhéal na farraige go 750 m os a chionn. Faoi scáth don chuid is mó a fhásann sé agus clúdaíonn a chuid bláthanna clathacha, dígeacha agus urlár na coille ó Mhárta go Bealtaine. Dúnann siad in aimsir scamallach nó sa doirceacht. Is dual don ghrán arcáin ithir nach bhfuil searbh.
Eiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Beacha, ciaróga beaga agus cuileoga a phailníos an grán arcáin, mar shampla, Apis mellifera, Bibio johannis, Phora, agus Meligethes. Itheann cruimheanna Olindia schumacherana na duilleoga.[4]
Aicídí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá na fungais Synchytrium anomalum, Schroeteriaster alpinus, Uromyces ficariae, U. poae, U. rumicis, Entyloma ficariae, Urocystis ficariae, Septoria ficariae, Colletotrichum dematium, agus Botrytis ficariarum; agus an úimícéit Peronospora ficariae le fáil ar dhuilleoga an ghráin arcáin.[4][5]
Tá na fungais Botryotinia ficariarum (is anamorf an spéicis seo Botrytis ficariarum) agus Dumontinia tuberosa le fáil ar fhréamhacha an ghráin arcáin.[5]
Úsáidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá vitimín C agus tainniní le fáil sa ghrán arcáin. Tráth, d'úsáidtí an phréamh bhrúite measctha le fíon nó le fual chun fíocas (an daorghalar) a leigheas. Do bheirítí an phréamh agus na duilleoga agus do nítí aon fhíocas leis seo. B'í an urbhruith chéanna seo a d'úsáidtí chun cnapáin sna cluasa nó sa scórnach a thrá, agus is dá bharr seo go dtugtar 'lus na gcnapán' air in áiteanna. Do chuirtí an phréamh bhrúite faoin srón chun daoine a chur ag sraothartaigh agus a gceann a ghlanadh, leis.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Ficaria verna” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Na searraigh" (1995): 80. Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Grán arcáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.
- ↑ 4.0 4.1 "Ranunculus Ficaria L. (Ficaria verna Huds.; F. Ranunculoides Moench)" (1978). Journal of Ecology 66 (3): 1011–1031. [Wiley, British Ecological Society]. doi:ISSN 0022-0477. .
- ↑ 5.0 5.1 "Ficaria verna" (2024).
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |