Gráinseach Eoin Baiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Gráinseach Eoin Baiste

Láithreán feirm mainistreach i gContae Thiobraid Árann is ea Gráinseach Eoin Baiste[1] agus í gar do shráidbhaile Lios Ruanach. Is minic a dtugtar “Achadfada” or “Achfada” (i.e. Achadh Fada) uirthi sna foinsí stairiúla.

Sholáthraíodh sí bia agus ábhar eile do mhainistir Agaistíneach Eoin Baiste i mBaile Átha Cliath.[2] Tá fothrach eaglais na gráinsí i lár reilige: bhí baint aici le sráidbhaile thiar thuaidh (atá tréigthe anois) agus le caisleán thiar. Luaitear é siúd sa Civil Survey (1654-6) mar "an old broken stump of a Castle with an old broken Bawne".[3]

Tar éis dhíscaoileadh na mainistreacha sa 16ú haois cuireadh feirm na gráinsí ar léas agus cuntas ar mar “fortilage or castle, with a hall, etc. 51 acres and 12 cottages, leased in 1541 to the countess of Ormond at £4”.[4]

Eaglais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí stua neamhchoitianta idir corp na heaglaise agus an chórlann ach iad tite síos anois. Tá poll solais ar gach taobh den seanaltóir sna taobh-bhallaí thuaidh agus theas. Tá coirbéil ag gobadh amach ó na taobh-bhallaí thiar, agus baineadh feidhm astu sin seachas as puitleoga chun saileanna áiléir a iompar.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.logainm.ie/en/2246?s=Baptistgrange
  2. 2.0 2.1 Power P., “Some Old Churches of Decies,” The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Seventh Series, Vol. 8, No. 1 (Jun. 30, 1938): lgh 55-68
  3. Simington, R.C. (1931). “The Civil survey, AD 1654-1656”. Vol I: County of Tipperary: eastern and southern baronies. Dublin. Irish Manuscripts Commission: lch 193.
  4. Gwynn, A., & Hadcock, R.N. (1970). Medieval Religious Houses of Ireland. Dublin. Irish Academic Press: lch 216