Jump to content

Gotais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaGotais

Cineálteanga mharbh, teanga anallód agus teanga díothaithe
Úsáid
Cainteoirí dúchais0 (2019)
Á labhairtna Balcáin
Dúchasach doGotaigh agus na Balcáin
Stáitan Iodáil, An Ghaill, an Spáinn, an Úcráin agus an Rúis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
East Germanic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaGothic script (en) Aistrigh agus runes (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta6 díobhaí
Cóid
ISO 639-2got
ISO 639-3got
Glottologgoth1244
Linguasphere52-ADA
Ethnologueluach ar iarraidh
Linguist Listgot
UNESCO358
IETFgot

Teanga Ghearmáinice Thoir ab ea an Ghotais a bhí á labhairt ag na Gotaigh san ársaíocht. Is í an t-aon teanga de chraobh Oirthearach na Gearmáinice a d'fhág aon chineál iarsmaí liteartha ina diaidh. Tá cuid den Bhíobla ar fáil sa teanga, chomh maith le Skeireins, míniú diagachta an Bhíobla. Chuaigh an Ghotais in éag san ochtú haois AD, ach dealraíonn sé gur mhair seanteanga Ghearmáinice a bhí cosúil léi i Leathinis na Crimé i bhfad ina dhiaidh sin féin. Tugtar Gotais na Crimé ar an teanga seo, ach níltear cinnte an í an Ghotais sa ghnáthchiall a bhí inti ar aon nós. Ní mhaireann ach timpeall is céad focal de Ghotais na Crimé i litir a scríobh an taidhleoir Pléimeannach Ogier Ghiselin de Busbecq sa tséú haois déag.

An aibítir a úsáidtear sna scríbhinní Gotaise tá sí bunaithe ar aibítir na Gréigise, agus comhathaí breise curtha léi.

Na Lámhscríbhinní Gotaise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Is í an lámhscríbhinn is tábhachtaí ná an Codex Argenteus. agus í ar caomhnú in Ollscoil Uppsala sa tSualainn. Tá cuid mhór de na ceithre shoiscéal sa lámhscríbhinn seo, agus iad aistrithe ón nGréigis. Ba é an t-easpag Gotach Ulfilas nó Wulfila a choimisiúnaigh an t-aistriúchán. Níl lorg láimhe an aistritheora thar moladh beirte, nó tá an stór focal breac le hiasachtaí ón mbunteanga, agus is minic a bhíonn comhréir na bhfocal bunaithe ar an téacs Gréigise chomh maith.
  • Téacsaí Bíobla atá sa Codex Ambrosianus fosta, téacsaí ón Sean-Tiomna ina measc. Thairis sin, is anseo a thagtar ar an Skeireins. Tá an lámhscríbhinn seo ar fáil i Milano san Iodáil.
  • Tá an Codex Gissensis á coinneáil in Giessen sa Ghearmáin. Níl anseo ach duilleog amháin agus bloghanna as soiscéal Lúcáis uirthi: glactar leis gur téacs dátheangach Gotaise agus Laidine a bhí ann ar dtús. Thángthas ar an duilleog in Arsinoe san Éigipt sa bhliain 1907. Scriosadh an bundoiciméad sa bhliain 1945, ach ar an dea-uair rinneadh cuid mhór cóipeanna den téacs roimhe sin.
  • Tá an Codex Carolinus ar caomhnú i Leabharlann Herzog August i Wolfenbüttel. Níl ann ach ceithre dhuilleog, agus is é ábhar na nduilleog ná cuid de Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh.
  • An Codex Vaticanus Latinus, trí dhuilleog den Skeireins. Tá an lámhscríbhinn seo á coinneáil i gCathair na Vatacáine.
  • Gothica Bononiensia, nó an Codex Bononiensis i mBologne san Iodáil. Níor thángthas ar an lámhscríbhinn seo ach sa bhliain 2009. Dealraíonn sé gur seanmóir atá ann, agus sliochtanna as an mBíobla measctha tríthi - an t-aistriúchán céanna agus sa Codex Argenteus.
  • Fragmenta Pannonica, bloghanna ón mBíobla agus iad scríofa ar phláta luaidhe.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]