Gordon Hamilton Fairley
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 20 Aibreán 1930 Londain, England |
| Bás | 23 Deireadh Fómhair 1975 45 bliana d'aois Londain, England |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhaigdiléana, Oxford Coláiste Marlborough Barts and The London School of Medicine and Dentistry (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | eolaí, oinceolaí, dochtúir leighis, máinlia |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
| Mac léinn dochtúireachta | Gordon McVie (en) |
Gradam a fuarthas
| |
Ba é Gordon Hamilton Fairley an chéad ollamh le hoinceolaíocht riamh sa Ríocht Aontaithe (20 Aibreán 1930 – 23 Deireadh Fómhair 1975) agus duine de na saineolaithe ailse is cáiliúla ar domhan ina am féin. Ba iad an tIRA, a bhí taobh thiar de shraith buamála i Sasana ag an am, ba chionsiocair lena mharú.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Astrálach a bhí ann a tháinig go dtí an Bhreatain mar mhac léinn agus a d’fhan ag obair in institiúidí éagsúla leighis agus taighde. Ba mhac é do thaighdeoir clúiteach sa leigheas trópaiceach, Sir Neil Hamilton Fairley. D'fhreastail sé ar Coláiste Magdalen, Oxford agus Ospidéal Naomh Bartholomew, Londain. Fuair sé oiliúint mar haemaiteolaí mar Scoláire Taighde Leverhulme ag Coláiste Ríoga na Lianna. Chríochnaigh sé mar Ollamh agus Comhairleoir in Ospidéal Naomh Bartholomew i Londain
Tairgeadh post dó mar dhochtúir pearsanta na Banríona Eilís ach dhiúltaigh sé dó toisc go raibh sé ag iarraidh oibriú go poiblí.
In 1975 chuir sé tús le réimse staidéir ar an ailse a bhfuil a fhiúntas le feiceáil go forleathan sa lá inniu. Má fheiceann tú tagairt don imdhíon-teiripe[2] mar leigheas ar an ailse, ba eisean a thionscain an staidéar air sin.[1]
Sa bhliain 1968, ceapadh é mar stiúrthóir ar an Aonad Taighde Cliniciúil ag an Institiúid Taighde Ailse. Thug sé léachtaí Goulstonian do Choláiste Ríoga na Lianna i 1969. In 1970, rinneadh stiúrthóir ar an Aonad Taighde Oinceolaíochta de. I 1972, ceapadh é mar an chéad Ollamh le hOinceolaíocht sa Ríocht Aontaithe, cathaoireacht a bhunaigh an Imperial Cancer Fund.
Rinne sé obair cheannródaíoch sa cheimaiteiripe agus san imdhíon-teiripe don ailse. Tairgeadh post dó mar dhochtúir pearsanta na Banríona Eilís ach dhiúltaigh sé dó toisc go raibh sé ag iarraidh oibriú go poiblí.
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Hamilton Fairley ach 45 bliain d’aois nuair a maraíodh buama de chuid an IRA i Londain é in 1975. Ar chúis éigin ba é an duine a bhí roghnaithe ag an Drong Shráid Balcombe,[3] aonad de chuid an IRA, ná Sir Hugh Fraser. Ar an 23 Deireadh Fómhair 1975, bhí Hugh Fraser réidh le dul amach go dtí a charr. Ag an nóiméad céanna bhí Hamilton Fairley ag siúl thar an teach agus a chuid madraí in éindí leis. Duine fiosrach a bhí ann agus ba chosúil go bhfaca sé rud éigin thíos faoi charr Hugh Fraser. Dúradh gur bhreathnaigh sé níos géire ar an ‘rud’ agus phléasc an buama. Maraíodh ar an toirt é.[1]
Cúisíodh an dream ar tugadh an ‘Balcombe Street Gang’ orthu i dtaobh a dhúnmharaithe, ainmnithe as léigear Shráid Balcombe i Londain. Cuireadh ina leith siúd gurbh iad a bhí taobh thiar den fheachtas buamála i Sasana agus go raibh seachtar maraithe dá bharr, Hamilton Fairley ina measc.[4]
I 1980 cúisíodh Brian Keenan, ceannasaí sinsearach san IRA, as a bheith ina eagraí ar an bhfeachtas buamála i Sasana. Gearradh téarma príosúnachta 18 mbliana air, i Meitheamh 1980 (scaoileadh amach é in 1993).[5]
Ómós
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí oiread sin measa ar Hamilton Fairley gur socraíodh cuimhneacháin dealbhóireachta ina onóir in Ardeaglais Naomh Pól. Chríochnaigh an teistiméireacht leis na focail ‘It matters not how a man dies but how he lives’.[1]
Tá bonn agus duais bhliantúil ag an gCumann Eorpach um Oinceolaíocht , ainmnithe ina onóir, a bhronntar ar ranníocaíocht do thaighde ailse.
I 1982, bhunaigh a bhaintreach, Daphne, scoil theiripe, Fairley House School, mar chuimhneachán air.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Mairéad Ní Nuadháin (17 Deireadh Fómhair 2025). "An uair gur bheag nár maraíodh duine eile de na ‘Kennedys’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-17.
- ↑ "Immunotherapy" (as en) (2025-10-16). Wikipedia.
- ↑ "Balcombe Street gang" (as en) (2025-06-29). Wikipedia.
- ↑ I rith na trialach d’iarradar go dtabharfaí aird ar chás Cheathrar Guildford agus Sheachtar Maguire, a bhí i bpríosún de bharr buamáil a raibh dream ‘Balcombe Street’ ag admháil gurbh iadsan a bhí taobh thiar di. Ach níor tugadh cluas éisteachta dóibh.
- ↑ Nuair a bhí na cainteanna ar siúl faoin socrú síochána, a chríochnaigh le Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí Diana, iníon le Sir Gordon Hamilton Fairley, ina measc siúd a thacaigh leis an bpróiseas cé go raibh a fhios aici go scaoilfí saor daoine a bhí bainteach le bás a hathar.