Jump to content

Google agus Alphabet v Coimisiún Eorpach (cás Android)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coimisiún Eorpach

Sa bhliain 2018 ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil €4.34 billiún fine ar Google mar gheall ar chomhaontuithe an chomhlachta sin a chuir iachall ar dhéantóirí fóin Google Search, an brabhsálaí Chrome agus stór aipeanna Google Play a réamh-shuiteáil ar a ndeisíní Android - rud a chuir cosc orthu córais Android ó dhéantóirí eile a úsáid.[1]

Laghdaíodh an fhíneáil sin chuig €4.1 billiún i 2022 nuair a thug Google dúshlán na fíneála.

Rinne Alphabet, máthair chomhlacht Google, achomharc ansin chuig an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach i Lucsamburg. Ach thaobhaigh an chúirt leis an fheidhmitheoir cásanna in aghaidh trustaí.

Dúirt Google in 2026 nár chuir an breithiúnas san áireamh an infheistíocht a bhí déanta ag Google lena chinntiú go bhfanadh Android oscailte, éasca a aistriú idir chórais agus saor in aisce.

Bhí beagnach €11 billiún d'fhíneálacha Eorpacha gearrtha ar Google idir 2016-2026 maidir le sárú a dhéanamh i gcásanna in aghaidh trustaí.

Agus in 2026, bhí tuilleadh fíneálacha i ndán do Google de bhrí go meastar go dtugann siad fábhar dá dtáirgí agus dá seirbhísí féin i dtorthaí cuardaigh agus ar a stóras aip - rudaí iad seo a bhaineann le hAcht na Margaí Digiteacha a bhfuil sé de sprioc aige srian a chur ar chumhacht na n-ollchomhlachtaí teicneolaíochta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]