Golwg
| Cineál | tréimhseachán |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Bhreatnais |
| Am tosaigh | 1988 |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Seachtanán |
| Príomhábhar | iris nuachta |
| Príomheagarthóir | Siân Sutton |
| Formáid dáilte | I gcló |
| Suíomh | golwg360.com |
Is iris sheachtainiúil Breatnaise í Golwg (Gaeilge: "Radharc"[1]), a bunaíodh sa bhliain 1988. Bíonn nuacht reatha ábhartha don Bhreatain Bheag inti agus is aici atá an scaipeadh is mó ar irisí na Breatnaise. Tá Dylan Iorwerth ar bhunaitheoirí na hirise, agus is eagarthóir bainistíochta na cuideachta é. Is í Siân Sutton an t-eagarthóir, agus is é Barry Thomas an leas-eagarthóir.
De réir Suirbhé Tony Bianchi ar an bpreas clóite meán Breatnaise (Eanáir, 2008) [nasc briste go buan] díoltar thart ar 2,980 cóip gach seachtain. Síntiúis is ea 46.3% de na díolacháin agus déanann fógraíocht 52.9% den ioncam bliantúil.
Faigheann Golwg deontas bliantúil de £75,000 ó Chomhairle Leabhar na Breataine Bige i leith a leathanaigh chultúir agus ealaíon. Tagann an chuid eile dá ioncam ó dhíolacháin, fógraíocht agus gníomhaíochtaí tráchtála eile ó Golwg Cyf.
Foilsíonn an comhlacht Golwg Cyf irisí eile freisin ar nós Lingo Newydd d'fhoghlaimeoirí, agus WCW a'i ffrindiau do pháistí.
Is é Golwg360 seirbhís nuachta ar líne Gholwg.
Naisc amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Joe Mitchell (2017). "Golwg". Foclóir Breatnais–Gaeilge.
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |