Goitse
| Cineál | nuachtán |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | An Ghaeilge |
| Am tosaigh | 23/04/2010 |
| Am deiridh | 2014[1] |
| Bunaitheoir(í) | Danny Brown agus Caomhán Ó Scolaí |
| Áit a fhoilsithe | Na Trí Paróistí |
| Tréith | |
| Formáid nuachtáin | dlúth |
| Eatramh foilsithe | Míosachán |
| Lá a fhoilsithe go rialta | Dé hAoine |
| Seánra | Nuachtán pobail |
| Príomhábhar | Nuacht, Cultúr, Litríocht, Spórt, cúrsaí áitiúla |
| Príomheagarthóir | Danny Brown agus Caomhán Ó Scolaí |
| Foilsithe i | Éire |
| Praghas | Saor in aisce |
| Formáid dáilte | I gcló agus ar líne |
| Suíomh | goitse.org (cartlannaithe) |

Páipéar nuachta áitiúil neamhspleách ab ea Goitse do phobal Ghaeltacht iarthar Thír Chonaill.[3][4] Bhíodh sé ar fáil saor in aisce, uair sa mhí.[5][3][6] Nuachtán sé leathanach déag a bhíodh ann, é lán-daite.[3][7] Danny Brown (iaririseoir le Lá Nua) agus Caomhán Ó Scolaí a bhí ina n-eagarthóirí air.[3]
"Fóram ceart cumarsáide" a thug sé do mhuintir na háite. Toradh oibre deonaí a bhí ann nach raibh maoinithe ag eagrais stáit ar bith,[3][2] Ainneoin sin, aithníodh go raibh ag éirigh "go seoigh leis mar thogra pobail."[8] "Páipéar ar dóigh" a thug Rónán Mac Aodha Bhuí air[9] agus ba "sárnuachtán" é dar leis an Léachtóir Sinsireach le hiriseoireacht Íte Ní Chionnaith.[10]
Cur chuige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áitiúlachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Goitse dírithe go sonrach ar "na trí paróistí" in iarthar Dhún na nGall .i. na Rosa, Cloch Cheannfhaola agus Gaoth Dobhair. Dúirt an t-eagarthóir Danny Brown gur chreid an fhoireann bheag daoine a bhí i mbun an nuachtáin "go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh páipéar nuachta ag soláthar nuachta agus tuairimí as Gaeilge do phobal na Gaeltachta."[7]
Chinn lucht Goitse ón dtús go mba nuachtán canúnach a bheadh ann. Ar an dóigh sin, "má tá leisc ar dhaoine Gaeilge a léamh, ar a laghad tuigfidh siad an méid atá scríofa ina gcanúint féin."[3] Lig cur chuige Ghoitse "don phobal seilbh a ghlacadh ar an meán cumarsáide atá ag soláthar na seirbhíse."[8] Tugadh le fios gur spreag an nuachtán daoine sa cheantar gabháil ag scríobh den chéad uair.[2]
Bhíothas ag amharc ar Ghoitse mar mhúnla a d'fhéadfadh le pobail eile a leanúint.[8] Leoga dúirt Brown gurb é an dóchas a bhí ag an bhfoireann ná "go mbeadh daoine eile sásta a leithéid a chur ar bun ina gceantar Gaeltachta féin agus go dtiocfadh linn gréasán de nuachtáin áitiúla a bhunú fríd na ceantracha Gaeltachta uilig."[2]
Deonachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is i ngeall ar obair gan pá a bhí Goitse ann ar chor ar bith. "Freastal ar phobal, seachas airgead nó brabach a dhéanamh" a bhí mar sprioc ag na daoine a bhí páirteach sa togra.[3] Rinneadh an obair uilig – scríobh, leagan amach, dáileachán agus margaíocht – ar bhonn deonach. "Ní bhfuair muid pingin rua i bhfoirm maoinithe ó na heagraíochtaí stáit, cé gur thug siad fógra nó dhó dúinn", a dúirt Brown. Bhíodh an páipéar ar fáil don phobal saor in aisce agus ghlanadh an fhoireann costais an nuachtáin le fógraíocht.[2][11][5]
Níor léir do gach duine gur chun leas an nuachtán ab ea an cur chuige deonach. Ba dhóigh le tráchtaire amháin gur chóir Goitse "a chur ar bonn trachtála agus dáiliúchán a shocrú. Is léir go bhfuil na féidearthachtaí ann. De réir cosúlachta tá suim ag daoine i nGaeltachtaí eile ina leithéid."[11]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ar an 23ú Aibreán 2010 a chuaigh an chéad eagrán de Ghoitse go dtí na siopaí.[3][2] Ní raibh suíomh idirlíne ag Goitse i rith na tréimhse seo, rud a d'aithin siad mar laige.[9] Ar leathanaigh an nuachtáin sé leathanach déag lán-daite bhíodh "scéalta nuachta, gné-ailt, colúin, spórt, litríocht agus stíl bheatha agus go leor grianghraf".[7] Dhéanfadh siad imeachtaí agus spórt áitiúil a chumhdach ach go háirithe agus bhíodh cartúin, gearrscéalta agus filíocht acu freisin.[2] Bhí sé ina údar bróid faoi leith don fhoireann ab ea é gur spreag Goitse scríbhneoirí úra as an gceantar gabháil i mbun pinn don chéad uair.[2]
Choinnigh an foireann an nuachtán ag gabháil ar feadh 14 mí ach tar éis eagrán an Mheithimh 2011 tháinig deireadh leis ceal maoinithe.[2][11][7][5]
Athsheoladh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2013 (dhá bhliain ina dhiaidh[9]), tar éis gur cuireadh deireadh le Gaelscéal, agus scor Foinse fógartha, thosaigh lucht Goitse ag smaoineamh arís faoin nuachtán sin a chur ar a chosa arís. Dúirt Brown "is dóiche gur chreid muid gur mhór an fheall é nach raibh nuachtán clóite Gaeilge áit ar bith sa tír."[2]
Fuair an nuachtán ardmholadh ó réimse daoine, tuarascáil a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge san áireamh, ach níor éirigh le cainteanna leis an bhForas maidir le socrú maoinithe.[2][9][3][8][4][12] I ndiaidh cruinnithe poiblí inar léirigh daoine den phobal áitiúil go raibh páipéar clóite ag teastáil uathu, chuir lucht an nuachtáin feachtas sluamhaoinithe ar bun sa bhliain 2013 chun Goitse a thabhairt ar an bhfód arís,[2][7][5] feachtas rathúil.
Cuireadh fáilte roimhe nuair a thosaigh Goitse ag foilsiú an athuair ag deireadh na bliana, i gcló agus ar líne.[13] Bhí sé ar fáil saor in aisce mar a bhíodh roimhe agus an uair seo, lá nó dhó tar éis dó bheith ar fáil sna siopaí bhíodh sé curtha ar fáil ar an suíomh idirlíne.[6] Sa chéad eagrán nua bhí leathanach iomlán do dhaoine óga agus gearrscéal le Bríghid Ní Mhonachán, i measc na bpáirteanna eile.[11] Rinneadh suntas den chuma "an-phroifisiúnta" a bhí ar an nuachtán deonach.[11]
Deireadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mí Dheireadh Fómhair 2014 tugadh le fios go raibh deireadh tar éis teacht le Goitse nua. Dúirt eagarthóir Danny Brown gur glacadh an cinneadh de dheasca go raibh sé "doiligh fógraíocht a dhíol sa cheantar agus nach raibh sé ar a gcumas duine a chur amach leis an obair sin a dhéanamh."[14]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil (cartlannaithe): goitse.org
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Maitiú Ó Coimín (2015-01-05). "‘An Ghaeltacht’ dhigiteach ina cúis dóchais". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-07.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 Danny Brown. "Goitse ar ais?". An Tuairisceoir. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Samhain 2017.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 Uí Chollatáin (2011), lgh 63–64.
- 1 2 Uí Chollatáin (2011), lch 207.
- 1 2 3 4 "Barrscéalta | Danny Brown". Raidió na Gaeltachta (2013-10-17). Dáta rochtana: 2025-07-08.
- 1 2 "Barrscéalta | Danny Browne". Raidió na Gaeltachta (2013-11-29). Dáta rochtana: 2025-07-08.
- 1 2 3 4 5 "Goitse | Description". Fundit.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Samhain 2013.
- 1 2 3 4 Uí Chollatáin (2011), lch 174.
- 1 2 3 4 "Rónán Beo | Danny Browne". Raidió na Gaeltachta (2013-11-13). Dáta rochtana: 2025-07-08.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin [Íte Ní Chionnaith] (2019-07-10). "‘Cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú’ – tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-08.
- 1 2 3 4 5 "Gabh chuig Goitse!" (06 Eanáir 2014). Derry Journal.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (2019-07-08). "Deireadh le Comhar a bheadh i bplean Fhoras na Gaeilge – Cathal Goan". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-07.
- ↑ "www.goitse.org – Goitse ar líne – ar fheabhas!". Nuacht24 (23 Nollaig 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 04 Aibreán 2017.
- ↑ "Nuacht an Tuaiscirt: Taisme i Leitir Ceanainn | Nuachtán Goitse". Raidió na Gaeltachta (06 Deireadh Fómhair 2014). Dáta rochtana: 08 Iúil 2025.