Gobnait Ní Bhruadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGobnait Ní Bhruadair
Beathaisnéis
Breith17 Nollaig 1861
Belgrave Square, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Eanáir 1955
93 bliana d'aois
An tSnaidhm, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Poblachtach Éireannach agus radacach ar feadh a saoil ab ea Gobnait Ní Bhruadair (17 Nollaig 1861 – 16 Eanáir 1955).[1] Chuaigh sí i mbun feachtais go paiseanta ar son go leor cúiseanna éagsúla, ina measc, leasú an altranais, cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge, agus saoirse na hÉireann ó rialú na Breataine.[2][3][4]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í Albinia Lucy Brodrick ar 17 Nollaig 1861 ag 23 Chester Square, Belgrave, Londain, an cúigiú hiníon le William Brodrick, 8ú Bíocunta Mhainistir na Corann (1830–1907), agus a bhean chéile, Augusta Mary (née Freemantle), iníon an 1ú Bharún Cottesloe.[5] Chaith sí a luath-óige i Londain go dtí gur bhog an teaghlach go dtí a n-eastát tuaithe in Peper Harow, Surrey sa bhliain 1870. Cuireadh oideachas príobháideach uirthi, agus thaistil sí fud fad na hEorpa. Bhí Gearmáinis, Iodáilis agus Fraincis líofa aici, chomh maith le cumas léitheoireachta sa Laidin.[5]

Teaghlach Protastúnach Sasanach uasaicmeach ab ea a muintir, agus bhí siad ar thús cadhnaíochta i rialú na Breataine in Éirinn ón 17ú haois. Go luath san fhichiú haois, bhí baill den teaghlach gníomhach san fheachtas Aontachtach i gcoinne Rialtas Dúchais na hÉireann. Bhí a deartháir, St. John Brodrick, 1ú Iarla Mhainistir na Corann, in ainm a bheith i gceannas ar Chomhghuaillíocht Aontachtach na hÉireann ó 1910 go 1918, tráth a bhunaigh sé féin agus Aontachtaithe eile taobh amuigh de Chúige Uladh an Irish Unionist Anti-Partition League.[6]

I gcodarsnacht le Ní Bhruadair, bhí St. John, i bhfocail beathaisnéisí amháin, ‘comhsheasmhach ina thuairim íseal ar mhuintir na hÉireann [agus] bhí tuairimí impiriúlacha aige a ghlac go fonnmhar le cuid mhaith den bhladhmann tírghrá a bhain le Darwineachas sóisialta’.[6] Chloígh Albinia Lucy Brodrick le tuairimí polaitiúla a teaghlaigh ar Éirinn nuair a bhí sí óg. Mar sin féin, faoi thús na fichiú haoise, bhí sí ag tabhairt cuairteanna ar eastát a hathar i gContae Chorcaí ar bhonn rialta.[5] Is ansin a thosaigh sí ag foghlaim faoi stair na hÉireann agus thosaigh sí ag diúltú do dhearcadh a teaghlaigh ar Éirinn. Sa bhliain 1902 scríobh sí gur ghá tionscal na hÉireann a fhorbairt, agus timpeall an ama chéanna thosaigh sí ag cur spéise in Athbheochan na Gaeilge. Thosaigh sí ag tabhairt cuairteanna ar an nGaeltacht, áit ar bhain sí líofacht sa Ghaeilge amach, cé go raibh alltacht agus uafás uirthi faoi bhochtaineacht na ndaoine.[5]

Ón bpointe seo amach, d’fhás dáimh láidir le hÉirinn agus le cultúr na hÉireann. Bhí sí neamhspleách ó thaobh airgid tar éis go bhfuair a hathair bás sa bhliain 1907, agus an bhliain dár gcionn cheannaigh sí teach i ngar do Dhrom Fada, Cathair Dónaill, Contae Chiarraí.[5] An bhliain chéanna, bhunaigh sí comharchumann talmhaíochta ansin chun tionscal áitiúil a fhorbairt. D’eagraigh sí ranganna chun an pobal a chur ar an eolas faoi bhia sláintiúil, mhol sí feoilséanadh, agus, le linn eipidéim na bolgaí sa bhliain 1910, thug sí aire banaltrachta do mhuintir na háite.[5] Thaistil sí go dtí na Stáit Aontaithe chun airgead a bhailiú sa chaoi go mbeadh sí in ann ospidéal a bhunú do dhaoine bochta sa gceantar.[5]

Nuair a bhí sí sna Stáit Aontaithe, thapaigh sí an deis staidéar a dhéanamh ar an altranas Meiriceánach, bhuail sí le Gael-Mheiriceánaigh mór le rá, agus d'éirigh sí fiú níos radacaí ó thaobh chúis na hÉireann. Nuair a d’fhill sí ar Chiarraí sa bhliain 1910, bhunaigh sí ospidéal i gCathair Dónall. Thug sí Baile an Chúnaimh ar an gceantar, ach níor éirigh leis an ospidéal agus dúnadh é de bharr easpa airgid.[5] Scríobh sí ar chúrsaí sláinte do The Englishwoman and Fortnightly, i measc irisleabhar eile. Bhí sí ina ball de Chomhairle Náisiúnta na nAltraí Oiliúnaithe, agus thug sí fianaise don choimisiún ríoga ar ghalar véinéireach sa bhliain 1914.[5]

Cogadh na Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór an tacaíocht a bhí ag Ní Bhruadair le hÉirí Amach na Cásca. Chuaigh sí isteach i gCumann na mBan agus i Sinn Féin araon. Thug sí cuairt ar chuid de na 1,800 poblachtánach a bhí i ngéibhinn i gcampa imtheorannaithe Frongoch sa Bhreatain Bheag, agus scríobh sí chuig na nuachtáin le comhairle phraiticiúil do dhaoine eile a bhí ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar an gcampa.[5] Chuaigh sí i mbun stocaireachta ar son iarrthóirí éagsúla de chuid Sinn Féin le linn an olltoghcháin i 1918, agus bhí sí ina ball de chomhairle contae Chiarraí (1919–21). Le linn Chogadh na Saoirse thug sí foscadh do bhaill den IRA agus dá bharr sin bhí a baile ina sprioc d’ionsaithe na Dúchrónach.[5]

I gcomhar leis an Dr Kathleen Lynn, d’oibrigh sí le Crois Bhán na hÉireann chun bia a dháileadh ar theaghlaigh Óglaigh na hÉireann.[5] Faoi dheireadh Chogadh na Saoirse, bhí sí níos láidre ná riamh in aghaidh rialú na Breataine in Éirinn mar gheall ar an méid fulaingthe a chonaic sí. Bhí sí ar cheann de na daoine ba ghlóraí i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh ar 6 Nollaig 1921. Bhí sí ina cainteoir díbhirceach ag cruinnithe i gceantar láidir poblachtach Chiarraí Thiar. I mí Aibreáin 1923, scaoil trúpaí de chuid an tSaorstáit í agus gabhadh í.[5] Cuireadh i ngéibheann í in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh,[7] áit ar lean sí sampla na bpoblachtánach eile agus chuaigh sí ar stailc ocrais. Scaoileadh saor í coicís níos déanaí.[5] Tar éis gur bhunaigh Éamon de Valera Fhianna Fáil sa bhliain 1926, lean Ní Bhruadair uirthi ag tacú le Sinn Féin.

I mí Dheireadh Fómhair 1926, rinne sí ionadaíocht ar Chúige Mumhan ag Ardfheis an pháirtí. Bhí sí ina húinéir ar nuachtán leathoifigiúil an pháirtí, Irish Freedom, ó 1926 go 1937, agus is minic a scríobh sí ailt agus bhí sí ina heagarthóir níos déanaí.[5] D'ionsaigh fórsaí rialtas an tSaorstáit a baile sa bhliain 1929 mar fhreagairt ar eachtraí fhoréigin i gcoinne an rialtais ó phoblachtánaigh a bhí in aghaidh an chonartha. D’fhág sí féin agus a dlúthchara Máire Nic Shuibhne Cumann na mBan tar éis go ndearna an bhallraíocht cinneadh sa bhliain 1933 dul leis an radacachas sóisialta. Bhunaigh an bheirt acu gluaiseacht náisiúnach do mhná darbh ainm Mná na Poblachta, ach níor éirigh leis mórán ball nua a mhealladh isteach.[5]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean sí ag labhairt na Gaeilge agus d’fhreastail sí go rialta ar chruinnithe chraobh Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí.[5] Cé go raibh sí báúil leis an gCaitliceachas, d’fhan sí ina ball d’Eaglais na hÉireann, agus bhíodh sí ag seinm na harmóine ag seirbhísí Eaglais na hÉireann sa tSnaidhm go rialta. D’éag Gobnait Ní Bhruadair ar 16 Eanáir 1955, agus cuireadh i reilig Eaglais na hÉireann sa tSnaidhm, Co. Chiarraí í.[5]

Ina huacht d’fhág sí an chuid is mó dá saibhreas (£17,000) ag poblachtánaigh “mar a bhí siad sna blianta 1919 go 1921”.[5] Mar gheall ar dhoiléire a huachta, bhí aighneas sna cúirteanna ar feadh na mblianta. Ar deireadh, i bhFeabhra 1979, rialaigh an Breitheamh Seán Gannon go raibh an uacht ar neamhní mar gheall ar an “iargúltacht”, toisc go raibh sé dodhéanta a chinneadh cén faicsean poblachtánach a chomhlíon a critéir.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “NÍ BHRUADAIR, Gobnait (1861–1955) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Pádraig Ó Loingsigh & Pádraig Mac Fhearghusa, Gobnait Ní Bhruadair; the Honourable Albina Lucy Broderick Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine (Coiscéim, 1997)
  3. Ní Bhruadair, Gobnait (1861–1955) in Ainm.ie
  4. Ann Wickham, 'The Nursing Radicalism of the Honourable Albinia Brodrick, 1861–1955' in Nursing History Review, vol. 15 (2007).
  5. 5.00 5.01 5.02 5.03 5.04 5.05 5.06 5.07 5.08 5.09 5.10 5.11 5.12 5.13 5.14 5.15 5.16 5.17 5.18 5.19 Frances Clarke, 'Brodrick, Albinia Lucy (Gobnaít Ní Bhruadair)' in Dictionary of Irish Biography.
  6. 6.0 6.1 Patrick Maume, Brodrick, William St John Fremantle in Dictionary of Irish Biography.
  7. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 March 2016. Dáta rochtana: 25 April 2012.