Gob an Choire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gob an Choire
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Mayo Magnified.png
Daonra (2002) 355
Airde: 0m
Contae: Contae Mhaigh Eo
Cúige: Connachta

Baile in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Gob an Choire (Achill Sound as Béarla). Tá sé suite ar Acaill, ar an taobh thoir den oileán. Ceanglaíonn Droichead Micheal Davitt le leithinis an Chorráin agus mórthír Chontae Mhaigh Eo.

Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Go hoifigiúil, cuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo atá ann, cé go bhfuil Béarla níos forleithne i nGob an Choire faoi láthair.

Tá teach cúirte an oileáin i nGob an Choire in aice le stáisiún na ngardaí díreach roimh an droichead isteach ar an oileán.

Is beag crann atá le fáil in Acaill seachas coill Ghleann Dairbhre in aice le Gob an Choire.

Béaloideas[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir na scéalta, fadó ní bhíodh hata ag gach duine san oileán ach bhíodh hata ag an bpobal. Bhíodh an hata seo ar crochadh ar phósta i nGob an Choire i dtreo go mbeadh éinne a bhí ar a bhealach chun an bhaile mhóir é a chaitheamh agus a chur ar ais ar an bpósta agus é ar a bhealach abhaile.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tógadh an chéad dhroichead chun Oileán Acla a cheangal le Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1887. Ainmníodh an droichead in ómós do Michael Davitt, a bhunaigh Conradh na Talún.

Seacht mbliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1894, leathnaíodh líne iarnróid Chathair na Mart - Baile Uí Fhiacháin chomh fada leis an mbaile.

Mar thoradh ar na forbairtí sin, bhí Acaill níos inrochtana, cé go raibh tragóid i gceist leis an dul chun cinn seo freisin. Bhí coirp na n-íospartach ó thragóid bhá Chuan Mó ar an gcéad turas ar an líne iarnróid chun an oileáin. Bádh 32 duine.

Ar an 17 Meán Fómhair 1937, cailleadh deichniúr daoine óga as Acaill i dtine i scioból in aice le Cathair Cheann Tulaich (Kirkintilloch) in Albain[1]. Ag piocadh fataí a bhí siad ('tattie howkers’)[2]. Iompraíodh na coirp ar an líne idir Cathair na Mart agus Gob an Choire, an t-aistear deireanach a rinneadh ar an gcuid seo den iarnród choíche.

Íomhánna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]