Jump to content

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann
Sonraí
GiorrúchánEUAA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2010
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe200 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+356-2248-7500 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineuaa.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: EUAsylumAgency X: EUAsylumAgency Instagram: euasylumagency Threads: euasylumagency LinkedIn: european-asylum-support-office Youtube: UCjE7yHUg_-jHtVqfhdYHAcQ Youtube: euaachannel Cuir in eagar ar Wikidata

Cruthaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann[1] (Béarla: European Union Agency for Asylum (EUAA)[2]) sa bhliain 2010 le Rialachán 439/2010[3] laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais (LSSC). Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht comhar idir bhallstáit an AE a fheabhsú.[4]

Sa bhliain 2003, leag an Chomhairle amach na critéir ar iarratais ar chosaint le Rialachán 343/2003.[5] I dteannta le Parlaimint, aisghaireadh an rialachán úd agus cuirtear Rialachán 604/2013 ina ionad.[6]

Sa bhliain 2008, rinne an Coimisiún Eorpach togra chun an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn[7] (EASO) a chruthú, chun comhar maidir le tearmann idir na ballstáit a chothú.[8]

Ar an 30ú Samhain 2010 sa Bhruiséil, ag cruinniú an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, toghadh Málta mar thír óstach na gníomhaireachta, ag baint an bhairr den Chipir agus den Bhulgáir.[8] Tá ceanncheathrú na gníomhaireachta lonnaithe i Grand Harbour, Vaileite.

Tháinig an Rialachán EASO[3] i bhfeidhm ar an 19ú Meitheamh 2010 agus bhí an ghníomhaireacht ar an bhfód faoin 1d Feabhra 2011.

Sa bhliain 2015, tháinig slua mór imirceach chun na hEorpa, agus tharla longbhriseachta sa Mheánmhuir. Mar thoradh na géarchéimé seo, rinne ceannairí Eorpacha athbhreithniú ar bheartais maidir le rialú teorann agus próiseáil imirceach.[9] Ar an 20ú Aibreán, d'fhógair an Coimisiúin plean 10-bpointe agus EASO ina mheasc chun cabhair a tháirgeadh d'iarrthóirí tearmainn agus eolas a bhailiú maidir le dronga smuglála.[10] D'fhógair EASO clár athlonnaithe chun tacú a thabhairt dosna ballstáit ar an 'líne thosaigh', an Iodáil agus an Ghréig.[11]

I mí Aibreán 2016, rinne an Coimisiún togra chun EASO a athchruthú mar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (GAET / EUAA).[12] Tháinig an ghníomhaireacht úd ar an bhfód ar an 19ú Eanáir 2022.[13][2]

Sa bhliain 2018, sheol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú ar mhí-iompar líomhnaithe i nósanna imeachta soláthair, ar neamhrialtachtaí i mbainistíocht acmhainní daonna agus ar sháruithe féideartha ar chosaint sonraí a maíodh a bhí ar siúl ag EASO. Mar thoradh an imscrúdaithe maraon le líomhaintí faoi chiapadh foirne, d'éirigh stiúrthóir José Carreira as a phost.[14][15]

Bainistíocht agus buiséad

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir na blianta 2011 agus 2014, mhéadaigh foireann EASO faoi dhó, ó 42 go 84 duine, agus mhéadaigh a buiséad bliaintiúil ó 8 go 14.5 milliún euro.[16][17] Idir 2015 agus 2016, mhéadaigh an fhoireann ó 93 go 125 duine, agus an buiséad ó 16 go 53 milliún euro.[14]

Stiúrthóirí Feidhmiúcháin:

  • 2011–2015: Robert Visser[16][17]
  • 2016–2018: José Carreira[18]
  • 2018–2019: Jamil Addou (a.i.)[19]
  • 2019–anois: Nina Gregori[20]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Téarma: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann". IATE. Dáta rochtana: 2025-12-15.
  2. 1 2 "New EU Agency for Asylum starts work with reinforced mandate".
  3. 1 2 "Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-12-14.
  4. "Common European Asylum System". an Coimisiún Eorpach.
  5. "Council Regulation (EC) No 343/2003 of 18 February 2003 establishing the criteria and mechanisms for determining the Member State responsible for examining an asylum application lodged in one of the Member States by a third-country national". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-12-14.
  6. "Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-12-18.
  7. "Téarma: an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn". IATE. Dáta rochtana: 2025-12-16.
  8. 1 2 "Immigration : Malta to Host EU Asylum Office" (7ú Nollaig 2009). European Social Policy.
  9. "EU leaders call for emergency talks after 700 migrants drown off Libya". Reuters (19ú Aibreán 2015).
  10. "Joint Foreign and Home Affairs Council: Ten point action plan on migration". europa.eu. Dáta rochtana: 21d Aibreán 2015.
  11. Annual Report on the Situation of Asylum in the European Union 2015. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-16. Dáta rochtana: 2025-12-19.
  12. "Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010". an Coimisiún Eorpach (4ú Bealtaine 2016). Dáta rochtana: 15ú Nollaig 2025.
  13. "Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-12-14.
  14. 1 2 Barigazzi, Jacopo (24ú Eanáir 2018). "Anti-fraud office investigates EU asylum agency director". Politico Europe.
  15. Peel, Michael (7ú Meitheamh 2018). "EU asylum agency head quits amid migration turmoil". Financial Times.
  16. 1 2 Cerulus, Laurens (11ú Iúil 2012). "Migration manager". Politico Europe.
  17. 1 2 Cerulus, Laurens (20ú Deireadh Fómhair 2015). "As refugee crisis flares, EU loses key leader". Politico Europe.
  18. Barigazzi, Jacopo (6ú Meitheamh 2018). "EU asylum agency chief resigns amid bullying allegations". Politico Europe.
  19. Barigazzi, Jacopo (18ú Deireadh Fómhair 2018). "Boss of under-fire EU asylum agency pledges quick fix". Politico Europe.
  20. "Nina Gregori takes up duties as Executive Director of EASO".