Jump to content

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánCEPOL Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh
police academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh23 Nollaig 2000
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe91 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Buiséad11,400,000 € (2024) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincepol.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: CEPOLEU X: eu_cepol LinkedIn: cepol Youtube: UCYBFT2FGJPPkBGwGtlwyuag Youtube: cepol_eu Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí[1] (Béarla: European Union Agency for Law Enforcement Training, aitheanta mar CEPOL) ar dtús sa bhliain 2000 agus glacadh a foirm reatha ar an 1d Iúil 2016. Tá an ghníomhaireacht lonnaithe i mBúdaipeist, an Ungáir.

Cruthaíodh CEPOL ag Cinneadh ón gComhairle 2000/820/JHA sa bhliain 2000,[2] leasaithe sa bhliain 2005 ag Cinneadh ón gComhairle 2005/681/JHA,[3] Sa deireadh aisghaireadh an cinneadh seo agus cuireadh Rialachán 2015/2219 ina áit.[4] Bhí an ghníomhaireacht lonnaithe ar dtús in Hampshire, Sasana, ach bogadh í go Búdaipeist sa bhliain 2014 de thairbhe cinnidh deacra ag an gComhairle Eorpach.[5]

Réitíonn CEPOL an bealach chun comhair idir oifigigh forfheidhmiú an dlí as na ballstáit agus go pointe áirithe (tromchoireacht) as tíortha eile.[6] Tá líonra institiúidí traenála agus Aonad Náisiúnta CEPOL (Béarla: CEPOL National Units (CNUs)) eagraithe aige chun dul i ngleic le bagairtí slándála. Cruthaítear clár oibre na gníomhaireachta le cabhair an líonra seo.

I measc rudaí eile a dhéanann CEPOL, tá san áireamh foghlaim ar-líne, cláir mhalartaithe agus taighde.

I mbun ceannais ar CEPOL tá Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá freagrach do Bhord Bainistíochta le hionadaithe óna ballstáit agus an Coimisiún Eorpach. Ina chathaoirleach tá ionadaí as ceann amháin den trí cinn a bhfuil clár 18-mí na Comhairle déanta acu. Buaileann an Bord mé chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad.

I láthair na huaire (2025), is iad Montserrat Marín López an Stiúrthóir Feidhmiúcháin[7] agus Costas Veis an Cathaoirleach.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]